Tampere
Is í Tampere (Fionlainnis: Tampere, Sualainnis: Tammerfors) an tríú cathair is mó san Fhionlainn agus an chathair is mó sna tíortha Lochlannacha nach bhfuil suite cois farraige. Tá breis is dhá chéad míle de dhaoine ina gcónaí i dTampere, agus cúig chéad trí chiliméadar cearnach is fiche d'achar ann. Tá an chathair ag críochantaíocht leis na ceantair (kunta) Kangasala, Lempäälä, Nokia, Pirkkala, Vesilahti, Ylöjärvi, Orivesi, agus Ruovesi.
Tampere | |||||
---|---|---|---|---|---|
Tampere (fi) Tammerfors (sv) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhionlainn | ||||
Regional State Administrative Agency (en) | Western and Central Finland Regional State Administrative Agency (en) | ||||
Réigiún de chuid na Fionlainne | Pirkanmaa | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 255,333 (2024) | ||||
• Dlús | 486.45 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Tampere sub-region (en) | ||||
Achar dromchla | 524.89 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Näsijärvi (en) , Pyhäjärvi (en) agus Tammerkoski | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Bunaitheoir(í) | Gustav III na Sualainne | ||||
Cruthú | 1 Deireadh Fómhair 1779 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Tampere City Council (en) | ||||
• Méara | Kalervo Kummola (2023–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 33100–33900 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | tampere.fi | ||||
Tá an chathair suite idir dhá loch - Loch Näsijärvi agus Loch Pyhäjärvi. Níl ach ocht méadar déag eatarthu, agus nascann an fánsruth Tammerkoski iad dá chéile i lár na cathrach.
Stair
cuir in eagarCosúil le Béal Feirste agus Manchain, b'é an línéadach a rinne cathair mhór de Tampere. B'é an tAlbanach Séamas Mag Fhionnlaigh, nó James Finlayson, a bhunaigh monarcha línéadaigh Finlayson i dTampere sa bhliain 1820. Mar sin, is iad an lucht oibre, an tionsclaíocht, gluaiseacht an lucht oibre agus an Sóisialachas a d'fhág a mblas ar stair na háite ar fad. Tháinig tionsclaíocht eile sna sálaí ag an línéadach, go háirithe na ceártaí innealra. Nuair a bhí an línéadach ag borradh i dTampere mar thionscadal, ba nós Suomen Manchester nó Manchain na Fionlainne a thabhairt ar Tampere. Rinneadh "Manse" de Manchester i gcaint na ndaoine, agus sin é an leasainm atá ar Tampere inniu féin. Chuaigh daonra na háite in airde go sciobtha i ndiaidh theacht na tionsclaíochta, agus na scológa ag tarraingt ar an gcathair ar lorg saothair ó na ceantair thuaithe ina timpeall.
Sa bhliain 1918, chuir na Sóisialaigh agus na buirgéisigh cogadh cathartha san Fhionlainn, agus b'i dTampere a cuireadh an cath ba mhó sa chogadh sin. Bhí an troid go dona in Kalevankangas, i Messukylä agus i lár na cathrach. Básaíodh cuid mhór de na Gardaí Dearga i ndiaidh na gcathanna, agus cuireadh breis is deich míle acu i mbraighdeanas.
Oideachas
cuir in eagarTá dhá ollscoil ag obair i dTampere, Ollscoil Tampere (Tampereen yliopisto) agus Ollscoil Teicneolaíochta Tampere.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |