Théo van Rysselberghe
Péintéir nua-Impriseanaíoch Beilgeach ab ea Théophile "Théo" van Rysselberghe (23 Samhain 1862 – 14 Nollaig 1926). Bhí tionchar tábhachtach aige ar an ealaíon san Eoraip timpeall thús na 20ú haoise. I nGhent na Beilge a rugadh é i dteaghlach den mheánaicme ina labhraíodh Fraincis.
Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Théo Van Rysselberghe |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 23 Samhain 1862 Gent, An Bheilg |
Bás | 14 Nollaig 1926 64 bliana d'aois Le Lavandou, An Fhrainc |
Áit adhlactha | cimetière du Lavandou (fr) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Académie royale des Beaux-Arts (en) |
Teanga dhúchais | an Fhraincis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Dearcealaíona |
Gairm | péintéir, dearthóir, liteagrafaí, maisitheoir, amharcealaíontóir, ealaíontóir grafach, dealbhóir, maisitheoir, greanadóir |
Tréimhse oibre | 1877 – 1926 |
Ball de | |
Seánra | Portráid |
Gluaiseacht | Neo-impressionism (en) |
Mac/iníon léinn de chuid | Jean-François Portaels |
Teangacha | An Fhraincis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Céile | Maria Van Rysselberghe |
Páiste | Élisabeth Van Rysselberghe |
Siblín | Charles van Rysselberghe, Octave van Rysselberghe agus François Van Rysselberghe |
Gradam a fuarthas
|
Beathaisnéis
cuir in eagarRinne van Rysselberghe staidéar an an bpéintéireacht in Acadamh Ghent faoi Theo Canneel agus, ag tosnú sa bhliain 1879, in Académie Royale des Beaux-Arts sa Bhruiséil faoi stiúradh Jean-François Portaels. Bhí na péintéireachtaí a rinne Portaels a raibh An Afraic Thuaidh mar théama acu go mór i bhfaisean sa Bheilg—Oirthearachas a thugtar ar an stíl agus ábhar seo—agus chuaigh van Rysselberghe go tuaisceart na hAfraice trí huaire sna blianta 1882–1888, ag caitheamh bliain go leith san iomlán ann.
Thosaigh van Rysselberghe scaradh ón réadúlachas Beilgeach beagnach ón tús agus bhí sé páirteach i ngrúpa ealtaíontóirí radacacha. Chuaigh sé leis an impriseanachas agus, ar feadh tamall, leis an pointíleachas.
Cé go raibh van Rysselberghe ar na nua-Impriseanaigh ba thábhachtaí, tá an chuid is mó dá shaothar i seilbh bailitheoirí ealaíne príobháideacha agus, mar sin, is annamh a bhíonn siad le feiceáil go poiblí. Tugadh €2.6m ar phéintéireacht leis, Port Cette" (1892), agus é ar ceant i Nua-Eabhrac sa bhliain 2006.
Fuair sé bás in St.-Clair, Var, sa Fhrainc agus is ann a bhfuil sé curtha. Ailtire a bhí ina dheartháir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |