They Might Be Giants
Rac-bhanna malartach Meiriceánach is ea They Might Be Giants nó TMBG. Bhunaigh John Flansburgh agus John Linnell an banna sa bhliain 1982. Sna blianta tosaigh théadh an bheirt acu ar an ardán ina n-aonar. Sna 1990idí thosaigh siad ag baint úsáide as banna taca: Is iad Dan Miller, Danny Weiskopf agus Marty Beller na baill den bhanna taca inniu. Tá stíl neamhchonbhinsiniúil thurgnamhach acu. Tá TMBG ar na bannaí rac-cheoil is bisiúla dá bhfuil ann. Lena chois sin, tá tóir ar a gcuid ceoil le haghaidh páistí.
Stair
cuir in eagarCasadh Linnell agus Flansburgh ar a chéile den chéad uair agus iad ina ndéagóirí i Lincoln, Massachusetts. Thosaigh siad ag scríobh amhrán agus an bheirt acu ag freastail ar Lincoln-Sudbury Regional High School ach níor chuir siad banna ceoil le chéile ag an am sin. Bhí Linnel páirteach i mbanna nuair a bhí sé ag an ollscoil. Casadh Flansburgh agus Linnell ar a chéile don dara huair sa bhliain 1981 nuair a bhí siad ag bogadh isteach san áraslann chéanna ar an lá céanna i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Tá siad ina gcónaí i mBrooklyn go fóill.
Nascanna seachtracha
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |