Tigh an Réileáin

baile fearainn i gContae Cheatharlach
(Athsheolta ó Tigh an Raoireann)

Is sráidbhaile é Tigh an Réileáin[1] (Béarla: Tinryland) suite i Chontae Cheatharlach, in oirdheisceart Chúige Laighean. Tá sé suite in aice leis an mótarbhealach M9 lasmuigh de bhaile Cheatharlach. Tá cúpla háis spóirt i dTigh an Réileáin lena n-áirítear an hpáirc nua, páirc sacair agus páirc peile. Tá sinsear Walt Disney curtha i dTigh an Réileáin.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTigh an Réileáin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°47′45″N 6°53′46″W / 52.795783°N 6.895976°W / 52.795783; -6.895976
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Cheatharlach
Toghroinn cheantairCill Osna Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde57 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie3340

Caitheamh Aimsire cuir in eagar

Tá a lán caitheamh aimsire i dTigh an Réileáin ach tá an gníomháíochtaí ceangailte idir an gclub CLG agus an club sacair freisin. Tá clubanna éagsúla, mar shampla seinneann grúpa ceoil thraidisiúnta gach Domhnach sa club CLG. Is sráidbhaile an-bheag é agus tá a lán eilimintí pobail agus aitmáisfear cairdiúil ann. Reachtáiltear cruinnithe sa halla paróiste gach seachtain. Bunaíodh cúpla club san áit seo agus úsáideann siad an halla paróiste. Is sráidbhaile an-spórtiúil é Tigh an Réileáin, cé nach bhfuil daonra ard san áit, ach tá go leor fhoireainn CLG idir óg agus sinsear. Imríear peil gaelach agus liathróid lámha sa chlub. Tá 15 chraobh sinsir peile buaite ag an gclub, 7 gcraobh peile U21 mar aon le craobh mionúir sa bhliain 2014.

I dTigh an Réileáin tá club sacair Naomh Seosamh (Béarla: St. Josephs) in aice leis an scoil áitiúil. Thosaigh an club sa bhliain 2000 agus bíonn na foirne óga ag imirt sa chomórtas idirnáisiúnta in Blackpool i Sasana gach ceithre bliana. Is club sinsir agus óige é Naomh Seosamh agus tá 250 ball ag an gclub. Tá na clubanna spóirt i dTigh an Réileáin i lár an phobail agus i gcroíthe na ndaoine freisin. Is é an spóirt an príomh caitheamh-aimsire i dTigh an Réileáin. Tá club aclaíochta ann freisin.

Stair an tSráidbhaile cuir in eagar

Neoiliteach cuir in eagar

Deirtear gur tháinig na céad daoine go Tigh an Réileáin thart air 3700-3400 RC san Aois Neoiliteach. Sa bhliain 1943 nuair a aimsíodh corp daonna agus sean-photaireacht i mBaile an Laingeartaigh (Linkardstown). Bhí sé i measc na gcéad fionnachtain seandálaíochta a fuarthas ó dhéas in Éirinn.

Caisleán Bhaile Lú (Ballyloo Castle) cuir in eagar

Rí Laighin Art Óg Caomhánach (fuair sé bás sa bhliain 1417) a thóg Caisleán Bhaile Lú (in aice le Baile an Laingeartaigh) ach níl ach fothracha le feiceáil ann inniu. Bhí an Caisleán seo mar cheanncheathrú an teaghlaigh Chaomhánach go dtí an teacht Cromail 200 bliain ina dhiaidh sin.

Leictreachas i dTigh an Réileáin cuir in eagar

Is é fear iontach ó Tigh an Réileáin é Paddy Dowling, mar thug sé leictreachas go dtí Tigh an Réileáin i rith an 1940í. Faraor fuair sé bás sa bhliain 2000. Ba é paróiste Tigh an Réileáin an chéad pharóiste faoin tuath in Éirinn chun leictreachas a úsáid. Agus ba é eaglais Tigh an Réileáin an chéad eaglais faoin tuath in Éirinn a bhain úsáid as soilse leictreacha.

Teach Cill Osna cuir in eagar

Bhí Elizabeth Pack-Berseford ina cónaí i dteach Cill Osna i dTigh an Réileáin. Cuireadh an teach trí thine i gcaitheamh Chogadh na Saoirse toisc gur chuala Óglaigh na hÉireann go raibh sí ina brathadóir ar son na corónach.[2]

Daoine Cáilúila cuir in eagar

  • Tá sinsear Walt Disney adhlactha i Rath Melsigi agus daoine ó clann de Butléir freisin,  Bhí Pearse de Butléir [1] ó Garraí Uí Bhrúacháin an ailtire ó Bunracht Meiriceánacha agus sínithe sé an bunreacht i Filideilfia sa bhliain 1788 freisin. Tar éis seo thosaigh sé ag comhairle le Úachtarán Meiriceánach
  • Bhí cúpla daoine ó Tigh an Réileáin ag troid tríd na reibiliún 1798 freisin agus tógadh séadchomhartha stairiúil taobh amuigh den sráidbhaile sa bhliain 1998 tar éis dhá chéad bliain ceiliúradh. [3]

Tigh an Réileáin sa lá atá inniu cuir in eagar

  • Sna linne seo tá Tigh an Réileáin an-difriúil ar fad i gcomparáid caoga bliain ó shin mar shampla ar dtús bhí an scoil náisiúnta sa halla paróiste roimh an scoil nua in aice leis an eaglais. Is scoil iontach agus nua-aimseartha inniu, tá eilimintí teicneolaíochta sa seomraí ranga agus is scoil mhór é i gcomparáid le cúpla bliain ó shin.
  • In aice le scoil tá háis deas-nua gach aimsir páirc sacar agus páirc aclaíochta freisin cosúil le ionad spóirt amuigh. Osclaíotar an áit seo sa bhliain 2012, is é an ionad go déas le haghaidh na muintir Tigh an Réileáin.
  • Bfhéidir fiche bliain ó shin bhí balla liathróid lámha i lár an sráidbhaile ach bhí sé tógtha síos nuair a bhí an scoil nua a tógadh. Ach nuair a bhí an ionad spóirt tógadh bhí sé ceart go leor tá cúirt leadóige anseo, taobh le an cúirt liathróid lámha nua-aimseartha deas sa club C.L.G síos an bóthar. Úsáideann a lán daoine ar fud na Chontae na háiseanna i dTigh an Réileáin mar tá sé go hálainn ar fad.  [4]

Cumann Lúthchleas Gael Tigh an Réileáin cuir in eagar

Tá a lán áiseanna spórt i dTigh an Réileáin agus tá gach duine sa sráidbhaile páirteach leis an áiseanna seo. Úsáideann go mór fhoireann an pháirc peile agus an ionad spóirt freisin. Tá an áit go mhaith mar tá an pháirc peile agus ionad C.L.G. Tigh an Réileáin in aice le mótarbhealach M9. Tá sé níos éasca le haghaidh an fhoireann i Loch Garman mar shampla mar a tá siad ábalta ag traenáil i rith an seachtain sa páirc seo nuair a tá a lán daoine ó faoin tuaithe ag obair no ag stáideair i mBaile Átha Cliath. Is é an áit go breá mar tá an club suite idir Baile Átha Cliath agus Loch Gorman nó Póirt Lairge freisin.

Bunaíodh an club sa bhliain 1888, ceithre bliain tar éis an dtús le Cumann Lúthchleas Gael in Éirinn. Tar éis seo tá go mór daoine ar fud na háite ball den chlub. Ar dtús bhí an pháirc suite i Bhaile i Laingeartaigh (Béarla: Linkardstown) ar an crosbhóthar. Inniu mar a bhí mé ag rá tá an club suite in aice le mótarbhealach M9 i Ráth Corróg (Béarla: Rathcrogue). Tá fhoireann peile, óg agus sinsear i dTigh an Réileáin ach níl aon foireann iománaíocht sa chlub.[5]

D'imir Peenie Whelan le Tigh an Réileáin tríd na blianta 1940. Bhí imreoir go deas é agus bhí captaen é ó foireann Ceatharlach sa bhliain 1944 nuair a bhuaigh siad an chéad craobh Laighin. Gnóthachtáil a bhí ann le foireann Ceatharlach agus foireann Tigh an Réileáin freisin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tigh an Réileáin/Tinriland | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Carlow Gentry Houses". www.igp-web.com. Dáta rochtana: 2018-12-04T20:10:03Z.
  3. "Tinryland" (as en) (2018-08-16). Wikipedia. 
  4. "Tinryland National School". www.igp-web.com. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  5. "tinryland-gaa-carlow". www.tinryland.gaa.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-26. Dáta rochtana: 2018-12-06.