P.T. Mac Ruairí

iriseoir Éireannach agus gníomhaí ar son na Gaeilge
(Athsheolta ó Tomás Mac Ruairí)

Iriseoir agus gníomhaí Gaeilge a bhí in Tomás (P.T.) Mac Ruairí (1939 – 20 Aibreán 2023). Bhí sé sáite i saol na Gaeilge le breis agus leathchéad bliain, mar iar-Uachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge, agus ball de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge, agus go leor eiel.[1][2][3]

Infotaula de personaP.T. Mac Ruairí
Beathaisnéis
Breith1939
Baile Mhic Cullach, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Aibreán 2023
83/84 bliana d'aois
Uachtarán Conradh na Gaeilge
1998 – 2003 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Ba as Baile Mhic Cullach in Ard Mhacha ó dhúchas dó ach i mBaile Átha Cliath, áit a raibh siopa ag a mhuintir, a chónaigh sé ó bhog siad ansin i 1959.[4]

Iriseoireacht cuir in eagar

Ní raibh ach 14 bliain ag Mac Ruairí nuair a foilsíodh an chéad alt nuachta óna pheann sa Dundalk Democrat. Seachas seal a thug sé ag obair le Gael Linn is ag plé leis an iriseoireacht a bhí sé ar feadh a shaoil. Leis an Irish Press a chaith sé cuid mhór dá shaol oibre agus d’oibrigh sé leis an nuachtán sin ó 1968 go dtí gur dúnadh é i 1995. Thug sé go leor ama ina thuairisceoir cúirte agus nuair a dhún Scéala Éireann, bhunaigh sé seirbhís tuairisceoireachta cúirte.[4]

Bhíodh sé ag scríobh don nuachtán Inniu agus foilseacháin eile chomh maith.[5] Bhí sé ina stiúrthóir freisin ar an gcomhlacht cumarsáide Creagáin Teo agus ar CCC Nuacht Teo. Chaith sé seal ina rúnaí ar bhord Raidió na Life, idir 2010 agus 2013.[6]

Gníomhaí Gaeilge cuir in eagar

Chaith Mac Ruairí tréimhsí éagsúla ar Bhord Sheachtain na Gaeilge agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Oireachtas na Gaeilge ó 1955 go dtí 1996.

Bhí sé ina Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge idir 2004-2010.

Bhí sé 25 bliain ar Bhord Stiúrtha Fhéile Interceltique Lorient. Bhíodh sé ag craoladh ar Raidió na Life ón uair a bunaíodh é agus chaith sé deich mbliana ar bhord an stáisiúin. Bhí sé ina Chathaoirleach ar An Siopa Leabhar ó 2017.[4]

Conradh na Gaeilge cuir in eagar

Chláraigh Mac Ruairí mar bhall de Chonradh na Gaeilge i 1955 agus bhí sé ina uachtarán ar an eagraíocht idir 1998-2003. Chuir sé roimhe mar uachtarán an Conradh a chur in oiriúint don saol nua ó thaobh íomhá agus teicneolaíochta de. Bhunaigh sé Craobh Bhréanainn de Chonradh na Gaeilge i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus bhí sé gníomhach san Ardchraobh agus ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath.

Chaith Mac Ruairí seal mar Oifigeach Preasa agus mar Thimire leis an gConradh sna 1960idí, tráth a raibh sé ina eagarthóir ar an iris Rosc. Ba é a bhí i gceannas ar Chomóradh 50 Bliain Chonradh na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca i 1966.[4]

Gaeloideachas cuir in eagar

Bhí spéis mhór sa ghaeloideachas ag Mac Ruairí. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Gaelscoileanna Teo agus thug sé seal ina rúnaí náisiúnta ar an eagraíocht sin. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Neasáin i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ina bhainisteoir deonach ar an scoil sin idir 1970-1974.

Bhunaigh sé Coláiste Samhraidh faoi choimirce a chraoibhe i dTír an Fhia i nGaeltacht Chonamara.[4]

Pearsanta cuir in eagar

Bhí Mac Ruairí pósta ar Shíle agus bhí cúigear clainne orthu.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Peadar Tomás MacRuairí obituary: A giant of the Irish language and of journalism" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-05-11.
  2. "Person: Tomás Mac Ruairí" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-05-11.
  3. NÓS (2023-04-21). "Tomás Mac Ruairí ar shlí na fírinne" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-05-11.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 tuairisc.ie (21 Aibreán 2023). "‘Fathach i saol na teanga’ – Tomás Mac Ruairí, iriseoir agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge, tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-11.
  5. RnaG / ADHMHAIDIN (30 AIBREÁN 14). "Tomás Mac Ruairí - Tuairisceoir Cúirte." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-05-11.
  6. Nuacht RTÉ (2023-04-21). "Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, básaithe" (as ga).