Tom Waits
Is ceoltóir, cumadóir agus aisteoir é Thomas Alan Waits. Saolaíodh Waits ar an 7 Nollaig 1949 i bPomona, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Thomas Alan Waits 7 Nollaig 1949 75 bliana d'aois Pomona, California |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | O'Farrell Community School (en) Ardscoil Hilltop Southwestern College (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí is scríbhneoir, pianódóir snagcheoil, scríbhneoir, cumadóir, amhránaí, aisteoir, giotáraí snagcheoil |
Tréimhse oibre | 1969 – |
Seánra | Ceol turgnamhach, rac-cheol, na gormacha agus snagcheol |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Baratón |
Uirlis | Pianó, ceol gutha, giotár agus ceileiste |
Lipéad ceoil | Asylum Records Island Records Epitaph Records Anti- |
Teaghlach | |
Céile | Kathleen Brennan (1980–) |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
Suíomh gréasáin | tomwaits.com |
|
Saol
cuir in eagarBhí Waits mar doirseoir ag an gclub oíche Heritage i San Diego sna 1970í, áit a bhí gach saghas ceoltóir ag seinm ann. Bhí Tom Waits tógtha lena lán ceoltóirí agus scríbhneoirí éagsúla, Bob Dylan, Lord Buckley, Hoagy Carmichael, Marty Robbins, Raymond Chandler, agus Stephen Foster. Thosaigh sé ag cothú a stíl féin, ag nascadh amhrán agus monalóg agus chuir sé an stíl nua i bhfeidhm gach oíche Luain ag an Troubadour i Los Angeles, áit a bhí a lán ceoltóirí ag fanacht i líne don lá ar fad le bheith ar an stáitse. Go gairid tar éis é sin, i 1971, thosaigh Waits ag taifeadadh i Los Angeles nuair a shíniú sé conradh le Herb Cohen agus Asylum Records, fear a bhí mar bhainisteoir Frank Zappa. Bhí Tom Waits 21 ag an am.
Tar éis a lán seisiún deacra, scaoileadh Waits a chéad albaim Closing Time sa bhliain 1973. Cé go raibh na léirmheasanna go maith, ní bhfuair sé aire forleathan go dtí gur rinne na Eagles leagan nua d'amhrán Waits "Ol' 55" ar a albaim nua On The Border sa bhliain 1974.
Thosaigh Tom Waits ag turas le ceoltóirí mar Charlie Rich, Martha and the Vandellas agus Frank Zappa. Cothaíodh Waits lucht leanúna dílis leis an albaim The Heart of Saturday Night sa bhliain 1974, thaispeáin Waits a chúlra mar cheoltóir club oíche, le caint agus canadh le snagcheol mar cheol sa chúlra.
Rinne Waits taifeadadh don albaim Nighthawks at the Diner os comhair lucht féachana leis an atmaisféar beo a chothú, léiríonn an albaim an tréimhse seo ina slí bheatha, mar aon le eadarlúidí ina mbíonn Waits ag caint idir na amhráin. Agus é ag caint ar cheol an tréimhse sin dúirt Waits "I wasn't thrilled by Blue Cheer, so I found an alternative, even if it was Bing Crosby."[1] Curtha i gcartlann 2006-03-20 ar an Wayback Machine
Rinneadh an albaim 'Small Change' i 1976, leis an drumadóir cáiliúil Shelly Manne. Bhí go leor tionchar Jazz san albaim, agus is le hamhráin mar "The Piano Has Been Drinking" agus "Bad Liver and a Broken Heart" a tháinig clú ar Waits don saol drabhlásach. Bhí stíl liriciúil ag Waits a tháinig ó thionchar Raymond Chandler agus Charles Bukowski.
Leaschraol is mó cáil
cuir in eagarBliain | Teideal | Eolas speisialta | Íomhá |
---|---|---|---|
1973 | Closing Time | ||
1974 | Heart of Saturday Night | ||
1975 | Nighthawks at the Diner | Beo | |
1976 | Small Change | ||
1977 | Foreign Affairs | ||
1978 | Blue Valentine | ||
1980 | Heartattack and Vine | ||
1982 | One From the Heart | Fuaimrian don scannán One From the Heart | |
1983 | Swordfishtrombones | ||
1985 | Rain Dogs | ||
1987 | Franks Wild Years | Comhoibriú lena phairtnéir Benoît Christie | |
1988 | Big Time | CD beo, scannán, leaschraol dlúthdhiosca | |
1992 | Night on Earth | Fuaimrian don scannán Night on Earth | |
1992 | Bone Machine | Bhain sé an Grammy Award for Best Alternative Music Album | |
1993 | The Black Rider | Comhoibriú le Wm. S. Burroughs | |
1999 | Mule Variations | Bhain sé an Grammy Award for Best Contemporary Folk Album | |
2002 | Blood Money | ||
2002 | Alice | ||
2004 | Real Gone | ||
2006 | Orphans | ||
2009 | Glitter and Doom Live | Beo | |
2011 | Bad as Me |
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh Oifigiúil (as Béarla) Curtha i gcartlann 2007-06-06 ar an Wayback Machine
- OfficialTomWaits.com (as Béarla) Curtha i gcartlann 2006-04-27 ar an Wayback Machine
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |