Tracy Chapman

amhránaí agus cumadóir Meiriceánach

Is amhránaí agus cumadóir amhrán Afra-Mheirceánach í Tracy Chapman (rugadh 30 Márta 1964) a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici mar gheall ar na hamhráin ‘Fast Car’, ‘Talkin’ Bout a Revolution’ agus ‘Give Me One Reason’.

Tracy Chapman
Tracy Chapman 3.jpg
Saol
Eolas breitheCleveland, 30 Márta 1964 (58 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
Oideachas
Alma materOllscoil Tufts
TeangachaBéarla Meiriceánach
Gairm
Gairmamhránaí is scríbhneoir, amhránaí, ealaíontóir sráide, cumadóir, ceoltóir, giotáraí agus ealaíontóir taifeadta
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
[[Grammy Award for Best New Artist (en) ]]
(1989)
Gluaiseacht ealaínerac malartach
American folk music (en) Aistrigh
na gormacha
anamcheol
ceol tíre
popcheol
rac-cheol tíre
Cineál guthacontralt
Uirlis cheoilgiotár
ceol gutha
Lipéad ceoilElektra
Atlantic Records
Fast Folk
IMDbnm1102495
tracychapman.com
Discogs ID161091
Instagramtracychapmanonline

Thosaigh Chapman ag seinnt an ghiotáir agus ag cumadh amhrán agus í ina páiste. Bronnadh scoláireacht uirthi, tríd A Better Chance, a thug deis di freastal ar Wooster School i gConnecticut agus ansin glacadh léi in Ollscoil Tufts, Bostún. Is i gCambridge a thosaigh Chapman ag seinm ar na sráideanna agus i gcaifí agus tar éis di céim a bhaint amach ón gcoláiste, shínigh sí conradh le SBK agus d’eisigh sí Tracy Chapman (1988). Scríobhadh léirmheasanna lúcháireacha faoin albam agus chuaigh sí ar an mbóthar agus ag bailiú lucht leanúna. I ndiaidh di seinnt ag 70ú breithlá Nelson Mandela, thosaigh 'Fast Car' ag ardú sna cairteanna sna Stáit Aontaithe. Bhí an-díol ar an albam agus ar an singil agus d’éirigh leis an albam ceithre Grammy a bhaint amach.

Níor éirigh chomh maith céanna leis an gcéad albam eile, Crossroads (1989). I 1992, agus albam nua, Matters of the Heart, bhí Chapman ag seinnt os comhair lucht leanúna beag agus dílis. Baineadh geit as lucht leanúna an cheoil nuair a d’eisigh Chapman albam eile, New Beginnings (1995) agus an singil ‘Give Me One Reason’, a bhuaigh Grammy i 1996 don amhrán raic ab fhearr. I 2000 eisíodh Telling Stories. Craoladh an singil 'Telling Stories' go minic ar stáisiúin raidió na hEorpa. Chuaigh Chapman ar chamchuairt timpeall na hEorpa agus na Stát Aontaithe i 2003.

I Meán Fómhair 2005 eisíodh an seachtú halbam uaidh, Where You Live.

DioscliostaCuir in Eagar

  • 1988: Tracy Chapman
  • 1989: Crossroads
  • 1992: Matters of the Heart
  • 1995: New Beginning
  • 2000: Telling Stories
  • 2002: Let It Rain
  • 2005: Where You Live
  • 2008: Our Bright Future

GradaimCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar