Gaireas is ea tuirbín gaoithe, nó dá ngairfear freisin tiontaire fuinnimh gaoithe, a athraíonn fuinneamh cinéiteach na gaoithe go dtí fuinneamh leictreach.

Tuirbín gaoithe
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid defeirm ghaoithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh1887 Cuir in eagar ar Wikidata
Codannagineadóir leictreach
wind turbine blade (en) Aistrigh
túr
naoisil
Gníomhaíocht
Foinse fuinnimhfuinneamh gaoithe
Físeán a thaispeáneann tuirbín gaoithe agus é ar siúl san Eastóin
Thorntonbank Wind Farm, ag baint úsáide as tuirbíní 5MW REpower 5M sa Mhuir Thuaidh ó chósta na Beilge .

Teicneolaíocht

cuir in eagar

Táirgtear tuirbíní gaoithe i réimse leathan aiseanna cothromingeacha agus cothrománacha. Úsáidtear na tuirbíní is lú d'fheidhmeanna cosúil le ceallraí a luchtú le haghaidh cumhachta cúnta do bháid nó do charbháin nó chun cumhacht a sholáthair do chomharthaí rabhaid tráchta.

Is féidir tuirbíní níos mó a úsáid chun tacaíocht a thabhairt don soláthar cumhachta baile, fad a bhíonn sé nach n-úsáidtear ar ais chuig an soláthraí fhóntais tríd an eangach leictreach .

Tá eagair tuirbíní móra, ar a dtugtar feirmeacha gaoithe, ag éirí ina bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite níos tábhachtaí agus tá go leor tíortha á n-úsáid mar chuid dá straitéis chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.[1]

Mhaígh measúnú ag Ollscoil Macquarie sa bhliain 2009 go raibh ag an ghaoth, "na hastaíochtaí gás ceaptha teasa coibhneasta is ísle, na héilimh is lú ar thomhaltas uisce agus na hiarmhairtí sóisialta is fabhraí i gcomparáid le foinsí fuinn eile, a leithéid agus fótavoltachas, hidrea, geoiteirmeach, gual agus gáis".[2]

Tuirbíní gaoithe in Éirinn

cuir in eagar

Sa bhliain 2023, d'fhógair Rialtas na hÉireann plean do cheant ar chearta ginte cumhachta amach ón gcósta. Tá rún ag Éirinn 5 GigaWatt (5,000 MW) a bheith á ghineadh ón ngaoth amach ón gcósta faoin 2030, agus a cheithre oiread, sin 20 GW (20,000 MW) a bheith á chruthú i 2040.[3]

I dtús na bliana 2023 a heagraíodh an chéad cheant faoinar bronnadh 4 cheadúnas, 3 cinn ar an gcósta thoir agus ceann amháin amach ó Chonamara. 3 MW a bhí beartaithe a theacht ón 4 thogra a bhí ceadaithe, dóthain leictreachais a choinneodh 2.5 milliún teaghlach.v

  • Bronnadh cead ar an gcuideachta as an nGearmáin RWE agus ar a bpáirtí sa tír seo Saorgus Energy 824 MegaWatt a ghineadh i Réimse Átha Cliath ar Mhuir Éireann.
  • Bronnadh cead ar na Francaigh EDF i bpáirt le Fred Olsen - cuideachta as an Iorua - 1,300 MW a ghineadh soir as Cill Mhantáin.
  • Bronnadh cead ar na hIoruaigh Statkraft 500 MW a ghineadh amach ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath.
  • Ceadaíodh 450 MW don chuideachta Fuinneamh Sceirde Teo siar amach ó Charna i gCo na Gaillimhe.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. ccea.org.uk. "Gaothː Aonad Téamach Eochairchéim 2". Dáta rochtana: 2022.
  2. Evans (June 2009). "Assessment of sustainability indicators for renewable energy technologies". Renewable and Sustainable Energy Reviews 13 (5): 1082–1088. doi:10.1016/j.rser.2008.03.008. 
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2023-11-20). "An dara ceant fógartha do thuirbíní leictreachais ar muir" (as ga-IE). 

Naisc sheachtracha

cuir in eagar