Rítheaghlach na Laighean de mhuintir Uí Dhúnlainge ba ea Uí Dhúnchadha (Meán-Ghaeilge Uí Dúnchada).

Stair cuir in eagar

Dúnchad mac Murchadha mhic Bhrain Mut (bás 728) is ea sinsear eapainmneach na clainne. Idir na blianta 760 agus 1003, rinneadh rí Laighean de deichniúr dóibh, ag dul ann ar seal lena ngaoil Uí Fhaoláin agus Uí Mhuireadhaigh.[1]

Bhíodh lárionad na clainne ag Cnoc Liamhna, ar an teorainn idir Contae Bhaile Átha Cliath agus Contae Chill Dara. Meastar gur shín a gcuid críoch go teorainn Chill Mhantáin idir an Life agus Sléibhte Átha Cliath.

I lár na 11ú haoise, ghlac Mac Gilla Mo-Cholmóg an sloinne FitzDermot.

Ginealach cuir in eagar

Dar le Rawlinson B 502, is é seo a leanas ginealach Uí Dhúnchadha le ceithre ghlúin déag:

Donnchad mc Muirchertaig m. Gilla Chéile m. Gilla Mo Cholmóc m. Cellaich m. Dúnchada m. Lorccain m. Fáeláin m. Muiredaig m. Bróen m. Fáeláin m. Cellaich m. Dúnchada m. Murchada m. Bran Mut (bás 693)

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings": 341.