Copar
Is dúil cheimiceach é an copar (nó umha). Is é an ceann is éadroime de na miotail lómhara. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 29, agus is é Cu an tsiombail cheimiceach. Miotal insínte é agus é ina sheoltóir maith leictreachais agus teasa. Tá dath ruadhearg ann, nó fiú pinc, má tá sé nuaghearrtha. Ó tá sé chomh maith sin ag iompar teasa agus leictreachais, úsáidtear mar sheoltóir leictreach agus teirmeach é. Ní chreimeann cupar go héasca, fiú in uisce farraige. Dá bhrí sin baineadh úsáid as leis na céadta bliain i mbáid adhmaid. Comhábhar tábhachtach é ina lán cóimhiotal freisin - is cóimhiotal copair agus stáin é an cré-umha, agus mar is eol dúinn, bhí an cré-umha chomh tábhachtach lena linn is gur bhaist na staraithe a ainm ar aois iomlán i stair an duine - an Chré-umhaois.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, simple substance (en) agus chalcophile element (en) |
---|---|
Copar sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Cu |
Uimhir adamhach | 29 |
Mais adamhach | 63.546 |
Peiriad, Grúpa | copper proteins (en) peiread 4 grúpa 11 |
Airíonna fisiceacha | |
Dath | copar |
Dlús | 8.94 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 1,981 agus 1,085 |
Fiuchphointe | 4,703 agus 2,595 |
Leictridhiúltacht | 1.9 |
Ga ianach | 0.46, 0.6, 0.77, 0.57 agus 0.73 |
Stair | |
Fionnachtain | 7 mílaois "RCh" |
Eapainm | an Chipir |
Maidir leis an gcopar féin, fuair sé a ainm ó oileán na Cipire, ós ansin a bhí na poill mhianaigh ba mhó a tháirg copar sa tseanársaíocht.
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcopar sna comhdhúile ná +II (na comhdhúile copracha) agus +I (na comhdhúile coprúla), agus is é +II an ceann is coitianta agus is cobhsaí. Bíonn dath gorm nó uaine sna comhdhúile copracha. Is féidir leis an bhfluairín an copar a ocsaídiú go +III nó +IV, ach bíonn a leithéidí de chomhdhúile an-éagobhsaí.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |