V. K. Krishna Menon

polaiteoir Indiach

Dlíodóir, taidhleoir agus státaire as an India ab ea Vengalil Krishnan Krishna MenonV. K. Krishna Menon (3 Bealtaine 18966 Deireadh Fómhair 1974). Bhunaigh sé an Ghluaiseacht Neamhailínithe sna 1950idí.

Infotaula de personaV. K. Krishna Menon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Bealtaine 1896
Thalassery, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Deireadh Fómhair 1974
78 bliana d'aois
Deilí, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Member of the 5th Lok Sabha (en) Aistrigh
1971 – 6 Deireadh Fómhair 1974
← P. ViswambharanM. N. Govindan Nair →
Member of the 4th Lok Sabha (en) Aistrigh
1969 – 1971
← Sachindra Nath MaitySubodh Chandra Hansda →
Téarma parlaiminte: 4th Lok Sabha (en) Aistrigh

Aire Cosanta na hIndia
17 Aibreán 1957 – 31 Deireadh Fómhair 1962
← Kailash Nath KatjuYashwantrao Chavan →
Ball de Rajya Sabha
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Hiondúchas
Scoil a d'fhreastail sé/síPresidency College (en) Aistrigh
Ollscoil Madras
Ollscoil Londan
Zamorin's Guruvayurappan College (en) Aistrigh
London School of Economics
University College London
Govt. Ganapath High School for Boys (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhdháil Náisiúnta na hIndia Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus An Hiondúis
Ghlac sé/sí páirt i
18 Aibreán 1955Asian–African Conference (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

 
Jawaharlal Nehru i lár agus V.K. Krishna Menon ar dheis, na Náisiún Aontaithe 21 Nollaig 1956

Mac le dlíodóir ceannasach i Kerala ba ea Menon, a rugadh sa bhliain 1896. Bhain sé céim BA amach de chuid Choláiste na hUachtaránachta, Chennai (Madras) sa bhliain 1918. Rinne sé ansin staidéar i gColáiste Dlí Madras sular lean sé lena chuid oideachais i Londain (UCL, MA 1930; Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitíochta Londain - LSE, 1934).[1]

Glaodh mar abhcóide de Chumann Onórach an Teampaill Láir air sa bhliain 1934. Bhí sé gníomhach san fhoilsitheoireacht agus i bpolaitíocht na heite clé sa Ríocht Aontaithe sna 1930idí. Spreag sé Allen Lane sa bhliain 1935 le Penguin Books a bhunú agus ba é an chéad eagarthóir coimisiúnaithe dá chló Pelican dhá bhliain ina dhiaidh sin.

 
Scoileanna Sainik

Ceapadh Menon mar chéad Ard-Choimisinéir na hIndia sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 1947 i Londain (1947-52). Ceapadh é ansin mar Ambasadóir na hIndia chun na Náisiún Aontaithe (1952-62). Bhí dearcadh frith-impiriúlaíocha aige i Nua-Eabhrac.

Bhí sé ina Aire Cosanta ar an India ó 1957 go 1962; d'éirigh sé as i ndiaidh na buaite a bhí ag an tSín sa Chogadh Sino-Indiach (1962).

Éire cuir in eagar

Áirítear le leabhar de chuid An Dochtúra Cháit Ní Máille Ireland, India and empire: Indo-Irish radical connections, 1919-64 (Cló Ollscoile Manchester, 2008) plé ar na naisc a bhí ag Menon le hÉirinn agus le radacaithe Éireannacha le linn a chuid ama i Londain.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "V. K. Krishna Menon". Dáta rochtana: 2021.