Tá an vacsaín seo in aghaidh papalómaivíreas daonna (HPV). Is í seo an dara cúis bháis is coitianta ó ailse i measc mná san aoisghrúpa 25 - 39 bliain d'aois.[1] Tá an vacsaín HPV á moladh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Chónaidhm Idirnáisiúnta Obstatraithe agus Ginéiceolaithe agus an sainchomhlacht imdhíonadh in Éirinn.[2]

WD Bosca Sonraí DrugaVacsaín HPV
Sonraí cliniciúla
Grúpa cógaseolaíochtavacsaín
Cód ATCJ07BM

Tairgfear vacsaín HPV do chailíní in aois a 12 go 13 bliana d'aois.[3] Ón bhliain 2010 tá an vacsaín ar fáil in Éirinn saor in aisce do gach cailín sa chéad bhliain meánscoile. Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go léiríonn figiúirí luatha gur 70% de chailíní a bhain leas as an vacsaín sa scoilbhliain 2015/2016, i gcomparáid le 87% i 2014.[4]

Tá a lán tuairiscí i meáin chumarsáide na hÉireann faoi shábháilteacht na vacsaíne Gardasil (HPV). Níor athraigh próifíl sábháilteachta na vacsaíne HPV ó cuireadh tús le clár vacsaínithe HPV de chuid FnaSS i 2010 agus tá ráitis ó na comhlachtaí idirnáisiúnta ar fad ag léiriú go bhfuil an vacsaín sábháilte agus éifeachtach.[5]


Tagairtí cuir in eagar

  1. RTÉ
  2. "Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-04-15. Dáta rochtana: 2016-10-09.
  3. "PublicHealth.hscmi.net". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-02-02. Dáta rochtana: 2016-10-09.
  4. RTÉ
  5. .education.ie