Chun dul i ngleic le hailse, tá dhá saghas vacsaínithe ann.

Déirigh go hiontach leis an vacsaíniú i gcoinne papalómaivíris dhaonna sna 2000-2010idí

Oncaivíris

cuir in eagar

Tá ailse inchoiscthe trí vacsaíniú, mar shampla , ceann i gcoinne papalómaivíris dhaonna (HPV). atá ina gcúis le hailse ceirbheacs, agus ceann i gcoinne víreas Heipitíteas B (HBV).[1]

Príomhalt: Vacsaín HPV

Vacsaín teiripeach

cuir in eagar

Theip ar go leor iarrachtaí sna 2000-2010idí chun vacsaín teiripeach in aghaidh ailse a fhorbairt, mar shampla an CimaVax-EGF[2] nó an Stimuvax / Tecemotide.[3] Agus bhí na na trialacha thar a bheith costasach, b'fhéidir cúpla céad milliún euro gach ceann acu.

I mí Lúnasa 2024, bhí tús curtha le trialacha an chéad vacsaín mRNA[4] riamh in aghaidh ailse scamhóg, an chúis bháis is mó i measc na gcineálacha ailse. Tá an triail ar siúl sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, san Ungáir, sa Pholainn, sa Spáinn agus sa Tuirc agus táthar ag súil go mbeidh freagairt imdhíonachta níos fearr ag othair gan dochar ar bith a dhéanamh, rud a tharlaíonn le leithéidí ceimiteiripe. Ba é Janusz Racz as Londain an chéad duine chun an vacsaín a fháil.[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. FSS (2024). "Vacsaíní chun do pháiste a chosaint". Dáta rochtana: 2024.
  2. "CimaVax-EGF" (as en) (2024-07-17). Wikipedia. 
  3. "Tecemotide" (as en) (2024-08-07). Wikipedia. 
  4. RNA teachtaire
  5. Conradh na Gaeilge Londain (24 Lúnasa 2024). "Nuacht mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-08-24.