Vallisneria
Is éard is Vallisneria (ainmnithe in onóir Antonio Vallisneri[1][2]) ann ná géineas de phlandaí fionnuisce, ar a dtugtar go coitianta miléarach, féar ribíneach nó vallis. Bíonn an géineas scaipthe thar limistéar mór agus go forleathan i réigiúin trópaiceacha agus fothrópaiceacha na Áise, na hAfraice, na hEorapa, agus Mheiriceá Thuaidh.[3]
Vallisneria spiralis | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Alismatales |
Fine | Hydrocharitaceae |
Géineas | Vallisneria L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Vallisneria spiralis |
Is planda tumtha é Vallisneria a leathann amach trí reathairí agus uaireanta cruthaíonn an planda móinéir arda faoin uisce. Tagann duilleoga chun cinn i mhogaill as a gcuid fréamhacha. Bíonn barra cruinne ar na duilleoga, agus féitheacha ardaithe ae leith acu. Fásann bláthanna bána baineannaigh go dtí dromchla an uisce - ar ghais fhada. Fásann bláthanna fireannaigh ar ghais ghairide, scarann siad, agus snámhann siad go dtí an dromchla. Bíonn an toradh ina chapsúl, cosúil le banana le go leor síolta beag bídeach aige.[4][5]
Uaireanta bíonn daoine idir dhá chomhairle faoi cé acu atá ann Vallisneria nó Sagittaria mar bíonn siad cosúil lena chéile ar an taobh amuigh nuair a fhástar iad faoi uisce.
Speicis
cuir in eagar- accepted species[3]
- Vallisneria americana - Meiriceá Thuaidh lena n-áirítear na nIndiacha Thiarh, An Cholóim
- Vallisneria anhuiensis - Anhui
- Vallisneria annua - An Astráil
- Vallisneria australis -An Astráil
- Vallisneria caulescens - An Astráil
- Vallisneria densiserrulata - an tSín, an tSeapáin
- Vallisneria erecta - Queensland, An Astráil
- Vallisneria longipedunculata - Anhui
- Vallisneria nana - Na hOileáin Fhilipíneacha, Nua-Ghuine, an Astráil, An Nua-Chaladóin
- Vallisneria natans - An tSín, an tSeapáin, an Chóiré, Primorye, Vítneam, an India, Neipeal, An Iaráic
- Vallisneria rubra - Tuaisceart Iarthar na hAstráil
- Vallisneria spinulosa - an tSín
- Vallisneria spiralis - Deisceart agus in Oirthear na hEorapa, Deisceart agus Iarthar na hÁise,An Afraic
- Vallisneria triptera - Tuaisceart na hAstráile
-
Vallisneria spiralis in umar trópaiceach iasc (le Nomorhamphus liemi )
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Teimpléad:Cite NIE
- ↑ Gledhill, D. (1994). "The Names of Plants". Cambridge University Press, Cambridge, UK..
- ↑ 3.0 3.1 Kew World Checklist of Selected Plant Families[nasc briste go buan]
- ↑ Flora of China Vol. 23 Page 99 苦草属 ku cao shu Vallisneria Linnaeus, Sp. Pl. 2: 1015. 1753.
- ↑ Flora of North America vol 22 Wild-celery Vallisneria Linnaeus, Sp. Pl. 2: 1015. 1753; Gen.