Vicipéid:Conas bosca sonraí tacsanomaíochta a léamh

Is tábla é bosca sonraí tacsanomaíochta a léirítear ar leathanaigh dúlra. Déanann sé cur síos ar an aicmiú eolaíoch aitheanta atá ag orgánach nó grúpa orgánaigh. Míníonn an t-alt seo conas bosca sonraí tacsanomaíochta a léamh.

Léiríonn an figiúr ar dheis bosca sonraí tacsanomaíochta tipiciúil, tógtha ón alt faoi ronnach an Atlantaigh. Tá na príomhranna uimhrithe agus tugtar míniú orthu seo sna hailt seo a leanas.

  1. Ainm Coitianta
    Is ionann é seo agus an t-ainm Gaeilge coitianta a úsáidtear don orgánach. Muna bhfuil a leithéid ann, úsaidfear an t-ainm eolaíoch.
  2. Pictiúr
    Pictiúr a léiríonn sampla tipiciúil den orgánach.
  3. Aicmiú eolaíoch
    Léiríonn an rannóg lárnach seo an aicmiú eolaíoch aitheanta atá ag an orgánach atá faoi chaibidil ag an alt. Is é seo an cliarlathas grúpaí, ar a dtugtar tacsóin, a bhfuil an t-orgánach ina bhall de.
  4. "Ranganna" na dTacsón
    Léirítear teidil na ranganna ar thaobh na láimhe clé agus a gcuid ainmneacha ar thaobh na láimhe deise. Is ionann speiceas agus grúpa aonáin leis an gcuma chéanna, nach mór, atá in ann idirphórú. Bíonn speiceas mar chuid de ghéineas (grúpa speicis atá gaolta lena chéile). Bíonn géineas mar chuid d'fhine (grúpa géinis atá gaolta lena chéile), srl. Bíonn seacht "bpríomhrang" ann go hiondúil. I gcásanna nach leor iad seo, léirítear "fo-ranganna" (ar nós fofhine), le breis idirdhealú a dhéanamh.
  5. Ainm déthéarmach
    Is ionann an t-ainm déthéarmach agus an t-ainm eolaíoch aitheanta ar speiceas. Tá sé comhdhéanta d'ainm an ghéinis agus "buafhocal speisialta". Roghnaítear ainmneacha déthéarmacha sa tslí is nach mbeidh an t-ainm céanna ag aon dá orgánach riamh; ciallaíonn sé seo gur féidir le heolaithe an t-ainm Scomber scombrus a úsáid le tagairt uathúil a dhéanamh do Ronnach an Atlantaigh.
  6. Údarás don Ainm
    Luaitear údarás don ainm déthéarmach díreach faoi - is é sin an chéad duine a d'fhoilsigh an t-ainm in éineacht le cur síos ar an orgánach (nó tagairt do chur síos air). Sa chás seo, b'é an luibheolaí Sualannach, Carl Linnaeus, an chéad duine a d'fhoilsigh an t-ainm Scomber scombrus.