Luibheolaí Sualannach ab ea Carl LinnaeusCarl von Linné (23 Bealtaine, 170710 Eanáir, 1778), a rugadh i Rashult na Sualainne. Chuir von Linné tús leis an tacsanomaíocht, is é sin, an brainse den bhitheolaíocht a bhíonn ag plé le rangú agus le haicmiú na neachanna beo. Tá cáil air freisin mar dhuine de cheannródaithe na héiceolaíochta.

Carl von Linné
Carl von Linné.jpg
Saol
Ainm iomlán Carl Nilsson Linnaeus
Eolas breithe Råshult (en) Aistrigh, Bealtaine 23, 1707
Náisiúntacht An tSualainn
Grúpa eitneach Sualannaigh
Teanga dhúchais An tSualainnis
Bás Linnaeus Hammarby (en) Aistrigh, Eanáir 10, 1778
Áit adhlactha Uppsala Cathedral (en) Aistrigh
Muintir
Athair Nils Ingemarsson Linnaeus
Máthair Christina Brodersonia
Céile/Céilí Sara Elisabeth Moræa
Páistí
Siblíní
Treibh Q31892483 Aistrigh
Oideachas
Alma mater Ollscoil Lund
(1727 - : míochaine
Ollscoil Uppsala
(1728 - : míochaine
Ollscoil Harderwijk
(1735 - 1735) Doctor of Medicine (en) Aistrigh : míochaine
Leibhéal oideachais Doctor of Medicine (en) Aistrigh
Stiúrthóir tráchtais Olof Rudbeck the Younger (en) Aistrigh
Johannes Gorter (en) Aistrigh
Mic léinn dochtúireachta Fredrik Hasselqvist
Carl Peter Thunberg
Anders Sparrman
Peter Forsskål
Anton Rolandsson Martin
Alexander von Karamyschew (en) Aistrigh
Matvey Afonin (en) Aistrigh
Teangacha An Laidin
An tSualainnis
Múinteoirí Laurentius Roberg
Olof Celsius
Mic léinn Peter Ascanius (en) Aistrigh
Carl Magnus Blom
Carl Fredric Adler
Clas Alströmer
Matvey Afonin (en) Aistrigh
Adam Afzelius
Erik Acharius
Peter Jonas Bergius
Andreas Berlin
Nicolaas Laurens Burman (en) Aistrigh
Martin Vahl
Charles De Geer
Pehr Kalm
Alexander von Karamyschew (en) Aistrigh
Carl Alexander Clerck
Pehr Löfling
Anton Rolandsson Martin
Peter Osbeck
Daniel Rolander
Göran Rothman
Daniel Solander
Olof Torén
Christopher Tärnström
Johan Christian Fabricius
Johan Peter Falck
Johann Christian Daniel von Schreber (en) Aistrigh
Jakob Friedrich Ehrhart
Andreas Rydén (en) Aistrigh
Gairm
Gairm geolaí, ollamh, luibheolaí, dochtúir leighis, dírbheathaisnéisí, bitheolaí, míceolaí, pteridologist (en) Aistrigh, brí-eolaí, míoleolaí, feithideolaí agus éaneolaí
Áit oibre Uppsala agus Stócólm
Fostóirí Ollscoil Uppsala
Saothar iomráiteach Systema Naturae (en) Aistrigh
Species Plantarum (en) Aistrigh
Genera Plantarum (en) Aistrigh
Fundamenta Botanica (en) Aistrigh
Critica Botanica (en) Aistrigh
Bibliotheca Botanica (en) Aistrigh
Amoenitates Academicae (en) Aistrigh
Hortus Cliffortianus (en) Aistrigh
Musa Cliffortiana (en) Aistrigh
Methodus (en) Aistrigh
Praeludia Sponsaliorum Plantarum (en) Aistrigh
Duais
Ballraíocht Royal Prussian Academy of Sciences (en) Aistrigh
German Academy of Sciences Leopoldina (en) Aistrigh
Cumann Ríoga
Royal Swedish Academy of Sciences (en) Aistrigh
Saint Petersburg Academy of Sciences (en) Aistrigh
Royal Danish Academy of Sciences and Letters (en) Aistrigh
Royal Norwegian Society of Sciences and Letters (en) Aistrigh
Acadamh na nEolaíochtaí
American Philosophical Society (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Eaglais na Sualainne
Linne autograph.svg

BeathaisnéisCuir in Eagar

Rugadh Carl Linnaeus i Råshult, i gcúige Småland i ndeisceart na Sualainne. Bhí a athair agus a sheanathair ina ministrí roimhe, agus ghlac a mhuintir leis go rachadh sé ag staidéar diagachta chomh maith, ach níor theastaigh uaidh bheith ina mhinistir.

Thug dochtúir leighis áitiúil spreagadh dó dul leis an luibheolaíocht, ó ba léir go raibh suim aige sna plandaí. De réir mar a mhol an dochtúir seo, sa bhliain 1728, chuir a athair a mhac go hOllscoil Lund, arbh í an ollscoil ba chóngaraí í. An bhliain dár gcionn, d'aistrigh sé go hOllscoil Uppsala.

Bhí saol crua aige in Uppsala ar dtús agus an t-airgead gann air, ach ansin, fuair sé aithne ar an eolaí cáiliúil Olof Celsius. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar Celsius chomh heolach is a bhí Linnaeus óg ar na plandaí agus chomh dúthrachtach is a bhí sé ag bailiú samplaí. Mar sin, chuir sé lóistín ar fáil dó.

Sa bhliain 1761, d'athraigh sé a ainm go Carl von Linné (  éist) nuair a bronnadh uaisleacht air.

Fear sna seascaidí, bhuail roinnt strócanna é; D’éag Carl Linnaeus ar 10 Eanáir 1778, in aois 70 dó. Tá sé curtha in ardeaglais Uppsala.

An Córas LinnaechCuir in Eagar

Is é an príomhrud a chur Linnaeus i gcrích ná gur bhunaigh sé córas ainmniúcháin i gcomhair na n-orgánach beo ar glacadh leis go forleathan i saol na heolaíochta. Chuir obair Linnaeus tús leis an ainmníocht déthéarmach a mbaintear úsáid choitianta aisti le speicis na neachanna beo a shainiú go neamhdhébhríoch. Chomh maith leis sin, d'fhorbair sé an tacsanomaíocht Linnaech - an córas aicmithe eolaíoch atá in úsáid go forleathan sa bhitheolaíocht go fóill.

Sa chóras Linnaech, aicmítear na neachanna beo go hordlathach. Is í an ríocht an leibhéal is airde sa chóras, cosúil le ríocht na n-ainmhitheríocht na bplandaí - de réir na cuma atá ar an gcóras inniu, tá ríocht na n-eobaictéar, ríocht na n-aircéabaictéar, ríocht na bhfungas agus ríocht na bProtista ann. Ansin, roinntear na ríochtaí ina n-aicmí, na haicmí ina n-oird, agus na hoird ina ngéinis. Baill den ghéineas, arís, is iad na speicis, ach d'aithin Linnaeus roinnt tacsóngan ainm faoi bhunrang an speicis.

 
Furia infernalis in Carl von Linné, Systema Naturae

Seo liosta de na ranganna ar fad atá aitheanta sa lá atá inniu ann (bunaithe ar chóras Linnaeus)[1]

  • Ríocht
  • Fíleam
  • Rang
  • Ord
  • Fine
  • Géineas
  • Speiceas
 
Linné-Fundamenta Botanica-1736

Nuair a fhionnfar neach nua, tabharfar ainm déthearmach Laidine air. Is é is brí le h-"ainm déthéarmach" ná ainm a bhfuil dhá théarma, nó dhá fhocal, ann:

  • is é an chéad fhocal an t-ainm géineasach a chuireann in iúl géineas an orgánaigh
  • is é an dara focal an t-ainm speiceasach, agus é go sainiúil ag gach speiceas i ngéineas áirithe.

Rangú Homo Sapiens:

LeabhairCuir in Eagar

Is iad a leabhair Species plantarum (Saghsanna Plandaí, 1753) agus Systema naturce (Córas an Nádúir, 10ú n-eagrán, 1758-9) a chuir tús oifigiúil le córas tacsanamaíoch reatha na n-ainmneacha déthéarmacha Laidineacha ar phlandaí is ainmhithe.

TagairtíCuir in Eagar

  1. dar le Matt Hussey, Fréamh an Eolas, Coiscéim (2012), leathanach 410 chuir von Linné síos ar scéimeanna chun plandaí is ainmhithe a rangú
    • i ranga (mar shampla, mamaigh i measc na n-ainmhithe),
    • ansin in oird (mar shampla, na feoilitigh i measc na mamach),
    • ansin i gclanna (mar shampla, na hainmhithe conda i measc na bhfeoiliteach),
    • ansin in aicmí (mar shampla, na madraí i measc na n-ainmhithe conda),
    • ansin i ngnéithe (mar shampla, an madra baile i measc na madraí),
    • agus ar deireadh i speicis (mar shampla, an i measc na madraí baile).