Is é an 10 Márta an 69ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra no an 70ú lá i mbliain bhisigh. Tá 296 lá fágtha sa bhliain.
1845 – Rugadh Alastair III, sár na Rúise (b.1894)
1881 – Rugadh Piaras Béaslaí, scríbhneoir Gaeilge agus saighdiúir (b.1965)
1883 – Rugadh Pádraig Ó Siochfhradha ("An Seabhac"), scríbhneoir agus múinteoir (b.1964)
1928 – Rugadh James Earl Ray, feallmharfóir Martin Luther King (b.1998)
1947 – Rugadh Dónal Lunny (pictiúr), ceoltóir Éireannach
1952 – Rugadh Morgan Tsvangirai, polaiteoir agus Príomhaire na Siombáibe
1957 – Rugadh Osama bin Laden
1968 – Cailleadh Donnchadha Ó Máille, 46, polaiteoir agus Aire Oideachais na hÉireann (r.1921)
1969 – Tugadh téarma príosún 99 bliain do James Earl Ray as Martin Luther King a fheallmharú
1973 – Maraíodh oifigigh ón mBreatain i mBeirmiúda
1985 – Cailleadh Konstantin Chernenko, Ard-Rúnaí ar Pháirtí Cumannach an APSS (r.1911)
1990 – Ghearr cúirt i mBagdad san Iaráic pianbhreith báis ar iriseoir, Farzad Bazoft
2005 – Cailleadh Dave Allen, fuirseoir Éireannach (r.1936)