Pádraig Ó Siochfhradha
Fear ildánach i stair athbheochana na Gaeilge agus scríbhneoir ab ea Pádraig Ó Siochfhradha (10 Márta 1883 - 19 Samhain 1964)[1] a foilsíodh faoin ainm cleite An Seabhac.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Márta 1883 Baile an Ghóilín, Éire |
Bás | 19 Samhain 1964 81 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Reilig Ghráinseach an Déin |
Seanadóir na hÉireann | |
14 Nollaig 1961 – 19 Samhain 1964 Téarma parlaiminte: 10ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
Seanadóir na hÉireann | |
22 Bealtaine 1957 – 1 Meán Fómhair 1961 Téarma parlaiminte: 9ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
Seanadóir na hÉireann | |
14 Iúil 1951 – 7 Iúil 1954 Téarma parlaiminte: 7ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
Seanadóir na hÉireann | |
22 Feabhra 1946 – 12 Márta 1948 Téarma parlaiminte: 5ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Teaghlach | |
Siblín | Micheál Ó Siochfhradha |
An baile seo ’gainne (1913) agus Jimín Mháire Thaidhg (1919, úrscéal greannmhar faoi bhuachaill óg tuaithe) an dá leabhar is aitheanta dár scríobh sé.
Luathshaol
cuir in eagarSaolaíodh Pádraig Ó Siochfhradha i gCiarraí, i mBaile an Ghóilín, timpeall agus trí mhíle siar ó Dhaingean Uí Chúis ar an 10 Márta 1883. Fuair sé oideachas ó na Bráithre Críostaí sa Daingean go dtí go raibh sé sé bliana déag d'aois.
An Ghaeilge
cuir in eagarBhí an Ghaeilge ag imeacht as an cheantar úd sna 1880idí. Ní raibh Gaeilge ar siúl ag na Bráithre Críostaí sa Daingean sna 1890idí ach an oiread. Ach bhí tuiscint réasúnta cruinn ag an Seabhac ar an Ghaeilge fiú an uair sin.[2]
As leabhair Uí Ghramhnaigh agus ó mhúinteoir ina cheantar a d'fhoghlaim Ó Siochfhradha conas Gaeilge a léamh agus a scríobh. Sula raibh sé fiche bliain d'aois, bhí léamh agus scríobh na teanga á múineadh aige féin do chomharsana dá chuid i dteach Mháire Hussey ar an Chuaismóir, in aice a bhaile.
Gníomhaíochas
cuir in eagarSan bhliain 1899, thosaigh Ó Siochfhradha ag obair mar fhear oibre. Lean sé don chineál sin oibre go dtí 1922.
Ó cuireadh na hÓglaigh ar bun, ó 1913, bhí Ó Siochfhradha iontu. Bhí sé ina oifigeach ceannais acu i gCorca Dhuibhne ó 1917 go dtí 1921.
Roghnaigh Austin Stack é le dul go Baile Átha Cliath Aoine an Chéasta 1916 chun eolas ar an éirí amach a bhí beartaithe a fháil do mhuintir Chiarraí. Chuir na Sasanaigh i sé phríosún éagsúla é idir 1918 agus 1922. Dhiúltaigh Ó Siochfhradha páirt a ghlacadh san aighneas polaitíochta a tháinig i 1922[3].
Cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile agus bhí sé ina chigire agus ina phríomhchigire ina dhiaidh sin. Ó 1920 go dtí 1922 ag an chéad Dáil a bhí Ó Siochfhradha ina thimire Gaeilge do Chiarraí.
Bhí sé ina Bhreitheamh Dúiche freisin, agus, idir 1920 agus 1923, ina chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Chiarraí.
I 1926 bhí sé ar bhoird sláinte Chontae Ros Comáin agus Chontae an Longfoirt, agus ceapadh ina choimisinéir ag stiúrú Chontae Liatroma é nuair a cuireadh an chomhairle contae ansin ar ceal faoin Saorstát.
Sa bhliain 1926 tugadh go Baile Átha Cliath é agus cuireadh sa Roinn Oideachais é. Bhí baint aige ag an am sin le bunú na gColáistí Ullmhúcháin, agus ina le bunú Choláiste Mhuire na mBráithre Críostaí i mBaile Átha Cliath. Thug sé tamall ina eagarthóir ag an Ghúm freisin.
D'éirigh sé as an státseirbhís i 1932 agus chuaigh sé ina eagarthóir agus ina chomhstiúrthóir ar Chomhlacht Oideachais na hÉireann agus ar Clólucht an Talbóidigh.
D'éirigh sé as a phost i 1965 agus gradam Phríomhchigire bainte amach aige. Ba Sheanadóir é (1946–48, 1951–54, 1957–64, ceaptha ag an Taoiseach).
Fuair sé bás ar an 19 Samhain 1964.
An Seabhac, ainm cleite
cuir in eagarBa ghá ainm cleite le haghaidh chomórtais an Oireachtais. Mar sin ‘sé an t-ainm cleite ba mhó a d'úsáidtí san Oireachtas. Lean an nós an-fhada-isteach sna 1920idí agus sna 1930idí. Ach b'annamh scríbhneoir Gaeilge san am úd gan ainm cleite a bheith in úsáid go poiblí féin aige. Agus níl aon ainm cleite a sheas chomh fada ná chomh buacach le hainm cleite Phádraig Uí Shiochfhradha - "An Seabhac."
Go deireadh a shaoil ba mhinice a thráchtfaí airsean i ngach treo baill mar "An Seabhac" ná mar Phádraig Ó Siochfhradha.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Ó SIOCHFHRADHA, Pádraig (1883–1964)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-11-19.
- ↑ Tá a fhios againn inniu, mar i litir chuig Muiris Ó Droighneáin i mí Eanáir 1928, scríobh An Seabhac "is cuimhin liom go mbaininn taitneamh mór as an scéalaíocht a bhíodh ar siúl ag na seandaoine le linn tórraimh nó ócáide dá shaghas." (l. 198, Risteard Ó Glaisne, Ceannródaithe, FNT 1974).
- ↑ l. 199, Risteard Ó Glaisne, Ceannródaithe, FNT 1974
Saothair
cuir in eagar- Pádraig Ó Siochfhradha, "An Baile seo Againne"
- Pádraig Ó Siochfhradha, "Jimeen: An Irish Comic Classic", ISBN 0-86278-680-0
- Pádraig Ó Siochfhradha, "Learner's Irish-English pronouncing dictionary in new standard spelling" The Talbot Press, 1959
- Pádraig Ó Siochfhradha, "Seanfhocail na Mumhan", ISBN 1-85791-511-9