Vicipéid:Laethanta roghnaithe/26 Deireadh Fómhair
Is é an 26 Deireadh Fómhair an 299ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 300ú lá i mbliain bhisigh. Tá 66 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Féile náisiúnta na hOstaire" san Ostair.
- 899 – Cailleadh Ailfrid Mór, rí na nAngla-Sacsanach (r.~849)
- 1759 – Rugadh Georges Jacques Danton, réabhlóidí Francach (b.1794)
- 1890 – Cailleadh Carlo Collodi (Carlo Lorenzini), iriseoir agus scríbhneoir Iodálach (r.1826)
- 1911 – Rugadh Somhairle MacGill-Eain, file Albanach (b.1996)
- 1916 – Rugadh François Mitterrand, uachtarán na Fraince (b.1996)
- 1947 – Rugadh Hillary Rodham Clinton, polaiteoir Meiriceánach
- 1951 – D'éirigh le Winston Churchill san olltoghchán
- 1959 – Rugadh Evo Morales, uachtarán na Bolaive
- 1990 – Cailleadh Breandán Ó hEithir, údar agus craoltóir (r.1930)
- 1994 – Tháinig deireadh leis an gcogadh 46 bliain idir an Iosrael agus an Iordáin
- 2000 – Cháin tuarascáil maidir leis an ngalar crúibe is béil airí na Breataine