Is é an 28 Márta an 87ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 88ú lá i mbliain bhisigh. Tá 278 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Den učitelů" i bPoblacht na Seice.
1921 – Rugadh Dirk Bogarde, aisteoir (b.1999)
1930 – Athraíodh na hainmneacha ar dhá chathair sa Tuirc, tugadh İstanbul (Iostanbúl) ar Constantinople (Cathair Chonstaintín) agus tugadh Ankara (Ancara) ar Angora
1939 – Thóg arm Francisco Franco Maidrid, ag cur deireadh le Cogadh Cathartha na Spáinne
1941 – Cailleadh Virginia Woolf, úrscéalaí Briotanach (r. 1882)
1942 – Rugadh Neil Kinnock, polaiteoir Briotanach
1965 – Ghlac na mílte duine páirt i léirsiú de chuid Martin Luther King i Montgomery, Alabama
1969 – Cailleadh Dwight D. Eisenhower, uachtarán SAM (r. 1890)
1979 – Timpiste núicléach Three Mile Island, Pennsylvania, SAM
1991 – Bhí fearg ar theaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtubaiste Hillsborough mar bhreith giúiré gur bás tionóisceach a bhí san eachtra
1994 – Cailleadh Eugène Ionesco, scríbhneoir agus drámadóir (r. 1912)