Vicipéid:Laethanta roghnaithe/6 Iúil
Is é an 6 Iúil an 187ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 188ú lá i mbliain bhisigh. Tá 178 lá fágtha sa bhliain.
- 1189 – Cailleadh Anraí II Shasana, rí Shasana (r. 1133)
- 1854 – Cailleadh Georg Ohm, eolaí ón Ghearmáin (r. 1789)
- 1936 – Rugadh Dave Allen, fuirseoir (b. 2005)
- 1946 – Rugadh George W. Bush, 43ú huachtarán Mheiriceá
- 1951 – Rugadh Geoffrey Rush, aisteoir Astrálach
- 1952 – Cuireadh deireadh le seirbhís na dtramanna i Londain
- 1962 – Céadchraoladh The Late Late Show ar RTÉ1. Is é an clár cainte is faide craolta ar domhan gan athrú craoltóra
- 1976 – Rugadh Rory Delap, imreoir sacair
- 1988 – Bhris tine amach ar bbord an rige ola Piper Alpha san Mhuir Thuaidh. Maraíodh an 167 fear a bhí ar bord
- 2013 – D'ionsaigh Boko Haram scoil in Stát Yobe, sa Nigéir agus mharaigh siad 42 duine