Vicipéid:Laethanta roghnaithe/9 Bealtaine
Is é an 9 Bealtaine an 129ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 130ú lá i mbliain bhisigh. Tá 236 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá na hEorpa.
- 1805 – Cailleadh Friedrich Schiller, scríbhneoir Gearmánach (r. 1759)
- 1828 – Rugadh Charles J. Kickham, náisiúnaí agus úrscéalaí (b.1882)
- 1896 – Rugadh Austin Clarke, filí, drámadóir, úrscéalaí (b.1974)
- 1916 – Cailleadh Tomás Ceannt, náisiúnaí Éireannach (r.1865)
- 1931 – Cailleadh Albert Abraham Michelson, 78, fisiceoir (r.1852)
- 1941 – Ghabh an Cabhlach Ríoga fomhuireán Gearmánach U-110. Ar bord fuarthas inneall Enigma den déanamh is déanaí a chuir ar chumas chrioptaghrafaithe na gcomhghuallithe cód rúnda na nGearmánach a bhriseadh
- 1949 – Rugadh Billy Joel, amhránaí Meiriceánach
- 1955 – Ligeadh an Ghearmáin Thiar isteach in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh
- 1979 – Maraíodh 18 agóideoir nuair a scaoil na póilíní urchair leo ag agóid i gcoinne an rialtais i San Salvador
- 2008 – Cailleadh Nuala Ó Faoláin, iriseoir, léiritheoir teilifíse, agus údar (r.1940)