Tomás Ceannt

náisiúnaí Éireannach ó Chontae Chorcaí

Ba náisiúnaí Éireannach ó Chontae Chorcaí é Tomás Ceannt (29 Lúnasa 18659 Bealtaine 1916), nó Thomas Kent as Béarla, a cuireadh chun báis i ndiaidh troid gunnaí le Constáblacht Ríoga na hÉireann ar an 2u Bealtaine 1916, díreach i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916.[1]

Infotaula de personaTomás Ceannt

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Lúnasa 1865
Caisleán Ó Liatháin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Bealtaine 1916
50 bliana d'aois
Dún Uí Choileáin Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Tráma balaistíoch)
Gníomhaíocht
Gairmréabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
GéillsineÓglaigh na hÉireann
CoinbhleachtÉirí Amach na Cásca
Eile
Ciontaíodh idúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata

Tús a shaoil

cuir in eagar

Rugadh Ceannt i dTeach an Bháin Aird, Caisleán Ó Liatháin, in aice le Mainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí. Duine de sheachtar mhac agus beirt iníon le David Kent ba ea é, a raibh feirm 200 acra aige, agus a bhean Mary Rice.[2]

Fuair Tomás a chuid oideachais ar an scoil náisiúnta áitiúil, go dtí go raibh sé thart ar cheithre bliana déag nó cúig bliana déag d’aois is dócha, mar ba ghnáth i gceantair tuaithe ag an am.

Chaith sé cúig bliana i mBostún, áit a d’oibrigh sé le comhlacht foilsitheoireachta agus fearastú séipéil agus ina raibh sé páirteach in ócáidí cultúrtha Gaelacha, cuid mhór acu a bhí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge.

Nuair a d’fhill sé ar an mbaile thart ar 1889 bhí sé páirteach sa ‘Phlean Beartaíochta’, gluaiseacht le haghaidh leasú chóras na talún a bhí eagraithe ag baill de Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, T.C. Harrington agus William O’'Brien ach go háirithe.

Mar gheall go raibh sé bainteach leis seo, chaith sé dhá mhí i mbun oibre déine taobh istigh de Phríosún Chorcaí, agus é tar éis a bheith faighte ciontaithe as comhcheilg chun íocaíocht cíosa a sheachaint. Ciontaíodh a dheartháir Liam i gcoir eile roimhe sin agus chaith seisean sé mhí i bpríosún.[2]

Chuir sin ar shláinte Tomás agus nuair a tháinig deireadh le ré Parnell in 1891, stad sé ó bheith páirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla. Ina áit sin chaith sé a chuid ama saor i gConradh na Gaeilge chun ceol agus damhsa traidisiúnta a chur chun cinn.

 
dealbh bhrád, Stáisiún Cheannt i gcathair Chorcaí

D'eagraigh na deartháireacha Kent brainse d'Óglaigh na hÉireann in 1914 ag Caisleán Ó Liatháin. Dúradh gurbh é an chéad bhrainse ólséantach sa tír riamh.

Bhí Tomás tiomnaithe go hiomlán do na hÓglaigh, agus thaistil sé achar fada uaireanta le haghaidh ócáidí speisialta; bhí sé i láthair ag óráid mór le rá de chuid an Phiarsaigh ag sochraid Jeremiah O’Donovan Rossa i mBaile Átha Cliath mí Lúnasa 1915, cuir i gcás.[2]

Éirí Amach na Cásca

cuir in eagar

Bhí na deartháireacha Kent faoi amhras ag Constáblacht Ríoga na hÉireann le fada an lá, a thug ruathar faoina dteach ag cuartú airm i dtosach 1916. Mar gheall air sin, chaith Tomás dhá mhí taobh istigh de Phríosún Chorcaí de bharr sheilbh arm.

Nuair a chuala deartháireacha Kent trácht ar an Éirí Amach na Cásca, d'’fhan siad ón mbaile agus iad ag súil le horduithe slógaidh. Ach nuair a d'fhreasordaigh Eoin Mac Néill an ordú slógadh, d'’fhill siad abhaile, oíche 1ú Bealtaine.

Chuaigh an Éirí Amach ar aghaidh i mBaile Átha Cliath ar aon nós, agus cuireadh Constáblacht Ríoga na hÉireann amach chun baill de Bhráithreachas Poblacht na hÉireann, Sinn Féin agus Óglaigh na hÉireann a gabhadh.

Faoin am sin bhí baill d’'Óglaigh na hÉireann á thiomsú ag an RIC agus bhí siad ar achan taobh den teach an mhaidin dár gcionn. Nuair a rinneadh ionsaí ar áras na Ceannt, chuir Tomás agus a dheartháir, Risteard, Daithí agus Liam in aghaidh na saighdiúirí. Tá neart tuairiscí faoi céard a thit amach ina dhiaidh sin; ar aon chaoi bhí cath gunnaí ann, a mhair ar feadh ceithre uair an chloig. agus lena linn scaoileadh marbh an Príomhchonstábla William C. Rowe. Gabhadh Tomás agus Liam Kent; gortaíodh Dáithí.[2]

Ar deireadh bhí ar na Ceannt géilleadh, cé go ndearna Risteard iarracht rith agus gortaíodh go marfach é.

Triail agus Bású

cuir in eagar

Cuireadh Tomás agus Liam os comhair chúirt airm ag Beairic Choinneála Chorcaí.[3] Fuarthas neamhchiontach Liam, ach daoradh Tomás chun báis. Cuireadh Tomás chun bás os comhair scuad lámhaigh ar an 9ú Bealtaine 1916 i gCorcaigh.

Cuireadh cúirt ar Dhaithí Ceannt nuair a tháinig sé chuige féin ó na gortuithe; tógadh é go mBaile Átha Cliath, áit a chúidíodh é ar an gcion céanna, fuarthas ciontach é agus cuireadh chun báis é, ach laghdaíodh an breithiúnas báis go bpianseirbhís cúig bliana.[2]

Ach amháin i gcás, Ruairí Mac Easmainn, ba é Tomás Ceannt an t-aon duine curtha chun báis taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath de bharr a pháirt san Éirí Amach.

Ní raibh Tomás pósta riamh.

Sochraid Stáit

cuir in eagar

Go luath sa bhliain 2015, rinne an Taoiseach Éanna Ó Coinnigh tairiscint sochraid stát ar clann na Ceannt, agus ghlac siad leis. Athnochtadh corp Ceannt ó Phriosún Corcaigh i mí an Mheitheamh 2015 i ndiaidh dó a bheith curtha ar feadh 99 bliain.

Bhí an sochraid ann ar an 18ú Meán Fómhair 2015 i Séipéal Naomh Nioclás i gCaisleán Ó Liatháin. Luigh an corp faoi ghradam stáit i nDún Uí Choileáin i gCorcaigh an lá roimhe. D'fhreastail an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ar an aifreann éagnairce, agus rinne Éanna Ó Coinnigh an óraid cois uaighe.

Cuimhneacháin

cuir in eagar
 
Stáisiún Cheannt i gcathair Chorcaí

Tá an stáisiún traenach i gcathair Chorcaí, Stáisiún Cheannt, ainmnithe in ómós dó.

  1. Eoin Ó hAnnracháin (2017-05-09). "Thomas Kent - 1916 Rebel Teaser Trailer". 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Thomas Kent (2016). "National Library of Ireland - 1916 Exhibition". www.nli.ie. Dáta rochtana: 2021-05-09.
  3. Cuireadh é i bPríosún Chorcaí, ar chúl Dún Uí Choileáin, Corcaigh (ar a dtugtaí Beairic Victoria tráth).