An leagan Breatnaise den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid is ea Vicipéid na Breatnaise (Breatnais: Wicipedia Cymraeg). Is í Vicipéid na Breatnaise an 65ú Vicipéid is mó atá ann.[1] Tháinig sí ar an bhfód i mí Iúil na bliana 2003. Ar an 26 Iúil 2019, bhí 105,581 alt ann.

WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid na Breatnaise
TeangaAn Bhreatnais
Dáta cruthaitheIúil 2003
CeadúnasCreative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) Aistrigh agus Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
Aibítiraibítir Laidineach
Staitisticí
Ailt279,358
Úsáideoirí cláraithe83,248
Riarthóirí16
Leathanaigh iomlána441,966
Comhaid áitiúla11,327
Vicipéid na Breatnaise
Seisiún eagarthóireachta ar an leagan Breatnaise den Vicipéid ar siúl i Leabharlann Abertawe sa bhliain 2014

I Meán Fómhair 2012 cuireadh "Wici Cymru" ar bun,[2] cumann a bhfuil sé mar chuspóir aige an Vicipéid a fheabhsú sa Bhreatain Bheag. D'éirigh Rhys Ifans ina Phátrún air i nDeireadh Fómhair na bliana céanna.

Tagairtí Cuir in Eagar