Wayne Thiebaud
Meiriceánach is ea Wayne Thiebaud (fuaimnítear Thiebaud ar bhealach na Fraincise, .i. tí-BÓ) a rugadh ar 15 Samhain 1920 agus a aithnítear as a chuid shaothar, a dhéanann íomhánna ildaite de rudaí coitianta mar choirceoga uachtair reoite, chístí, agus phéintchannaí, chomh maith le tírdhreacha agus daoine. Áirítear é mar bhall de ghluaiseacht na pop-ealaíne mar gheall ar a spéis in ábhar ón ollchultúr agus cé go raibh a chuid luathshaothar sna 1950idí agus 60idí beagán chun tosaí ar shaothair na bpop-ealaíontóirí clasaiceacha. Cuireann Thiebaud an phéint ar an gcanbhás go tiubh agus úsáideann sé dathanna áibhéalacha; beagnach i gcónaí, bíonn na scáthanna geal glan mar a bhíonn siad i bhfógraí trádálacha.
Wayne Thiebaud | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Mesa, Arizona, 15 Samhain 1920 |
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Bás | Sacramento, 25 Nollaig 2021 |
Muintir | |
Páistí | liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater | California State University, Sacramento (en) ![]() San José State University (en) ![]() Sacramento City College (en) ![]() |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | péintéir, múinteoir ollscoile, ealaíontóir, maisitheoir, cartúnaí, dealbhóir, múrmhaisiú, déantóir priontaí agus amharc-ealaíontóir |
Documenta 5 (en) ![]() | |
Áit oibre | Los Angeles, Sacramento, San Francisco agus San Jose, California |
Fostóirí | Ollscoil California, Davis (1960 - 1991) |
Duaiseanna | |
Ballraíocht | Acadamh Ealaíon agus Litríochta Mheiriceá Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá |
Gluaiseacht | Pop-ealaín eispriseanachas Bay Area Figurative Movement (en) ![]() |
Gluaiseacht ealaíne | ábhar neamhbheo Pop-ealaín |
A luathshaolCuir in Eagar
Rugadh Thiebaud i Mesa, Arizona do thuismitheoirí Mormannacha. Nuair a bhí sé leathbhliain d'aois chuir siad fúthu i Long Beach, California. Chaith sé tamall ag obair i stiúideo de chuid Walt Disney Pictures ag déanamh scannán ghearr.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |