Is amhráin thraidisiúnta é Whiskey in the Jar suite i sléibhte dheiscirt na tíre, le tagairt go háirithe do Corcaigh agus Ciarraí. Insíonn an amhráin scéal faoi ropaire agus an bhean a rinne feall air. Tá an t-amhrán ar cheann de na hamhráin is mó a bhfuil tóir air, cantar é go minic agus thaifead neart ceoltóirí é óna 1950í ar aghaidh.

Infotaula de cançóWhiskey in the Jar
Cineálsaothar ceoil
TaibheoirThin Lizzy
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
TeangaBéarla
TírÉire
Musicbrainz: e5d50885-6d24-31a2-aeb1-38a1434b5aa6 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhain an t-amhrán clú agus cáil amach go hidirnáisiúnta nuair a chan an grúpa ceoil The Dubliners é agus é thaifeadta acu ar 3 céirnín éagsúil sna 1960í. Sa bhliain 1973 chuir an grúpa ceoil Thin Lizzy leagan rac-cheoil amach agus chabhraigh an t-amhrán leo clú agus cáil a bhaint amach. Bhí an t-amhrán thuas ar barr na cairteanna éireannacha ar feadh 17 seachtainí. Sa bhliain 1990, chas na Dubliners leagan nua a bhí níos tapúla le grúpa ceoil eile, The Pogues. Chuir grúpa ceoil miotal-trom Meiriceánach Metallica leagan an-chósúil le leagan Thin Lizzy amach sa bhliain 1998 agus bhuaigh siad gradam Grammy dó.

Is léir go bhfuil tóir ar an amhráín i gcultúir eile; tá an t-amhrán aistrithe go Íoslainnis (Lífið Er Lotterí), Ioruais (Svikefulle Mari), Fionlainnise (Humppamaratooni), Danmhairgis (Gi Mig Whiskey in the Jar), Eastóinis (Hans'a Õuhkaga), agus d'úsáideadh an séis san in Iosrael ("Siman Sheata Tsair").

Tagairtí cuir in eagar