Woody Allen
Stiúrthóir scannán agus aisteoir is ea Woody Allen (a rugadh mar Allen Stewart Konigsberg ar an 1 Nollaig, 1935). Tugtar aitheantas ar fud an domhain dá shaothar agus is iomaí caint a tharraing a shaol príobháideach.
Scannáin
cuir in eagarRinne Allen a chéad scannán What’s New Pussycat i 1965 ach ba leis an scannán Take the Money and Run i 1969 a thosaigh Allen ag feidhmiú mar stiúrthóir i ndáiríre.
I 1977 a eisíodh a scannán ab iomráití fós. Scéal grá, grinn agus bróin, bhuaigh Annie Hall ceithre dhuais ag na hOscair an bhliain sin agus dúradh go raibh Allen tar éis meas nua a chothú ar genre an scannáin ghrinn rómánsúil.
Tá tionchar na litríochta, na fealsúnachta agus na síceolaíochta go léir le feiceáil i saothar Allen. Tá na scannáin lán le teannas gnéis go hannamh.
Is é Nua-Eabhrac, an áit ar rugadh agus ar tógadh é (agus, dár ndóigh, áit a bhfuil cónaí fós air), atá mar phríomhinspioráid aige. Tá an spreagadh seo le feiceáil go háirithe sa scannán ómósach úd Manhattan (1979).
Dúirt sé in agallamh gurb é a phictiúr, Match Point (2005), an pictiúr ab fhearr dá ndearna sé riamh[1].
Cé go bhfuil aois mhaith sroichte ag Woody Allen sna 2010idí, tá sé fós gníomhach mar stiúrthóir.
Conspóidí
cuir in eagarCé go dtugtar urraim fós dó mar stiúrthóir, tá roinnt drochphoiblíochta tuillte ag Allen thar na blianta chomh maith.
Rinneadh dochar dá ainm ag tús na nóchaidí nuair a d’fhág sé a bhean Mia Farrow ar mhaithe le Soon-Yi Previn (22 bliain d'aois ag an am), uchtleanbh Farrow ó chaidreamh eile. Thug na meáin ag an am mionsonraí graosta gnéasacha.
Gradaim agus ainmniúcháin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ The Age (2006). "Words from Woody". Dáta rochtana: 2018.