Aodh Aireach

Rí Uladh
(Athsheolta ó Áed Aired)

Rí Dhál Araí na gCruithne, de chlann Uí Dhearca Chéin, ba ea Aodh Aireach (Sean-Ghaeilge Áed AiredÁed Airech) (bás 698). Bhí sé i réim ón mbliain 690 go dtí 698.

Infotaula de personaAodh Aireach
Beathaisnéis
Bás698 (Féilire Ghréagóra)

Sna 6ú agus 7ú haoiseanna, bhí Dál Araí rannpháirteach mar phríomhchlann i gcónaidhm na gCruithne.[1] Tugtar an teideal rí Dhál Araí d'Aodh sna hannála, cé gurbh é rí Cruithne an gnáth-theideal le linn an ama sin.

Feictear tásc Aodha sna hannála don bhliain 698, i gCath Telach Garraisc ag Fernmag (Fearnaigh, Contae Mhuineacháin), i dteannta le Conchúr Mhacha mac Maoil Dúin (Conchobar Macha mac Máele Dúin), rí Oirthear (Seán Oiriall as Contae Ard Mhacha).[2][3] Míniú amháin atá ar an scéal ná gur chomhghuaillithe ba ea iad in éadan clann Uí Criomthainn (dream Oiriall eile as oirthear Chontae Fhear Manach agus tuaisceart Chontae Mhuineacháind);[4] é sin nó gur namhaid Aodha é Conchúr agus gur mharaigh siad a chéile i mbun chatha.[5][6] Mar chuid, moltar go raibh Aodh ag iarraidh neamhspleáchas eaglasta Ard Mhacha a chosaint in aghaidh Chineál Eoghain[4]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, lch. 109
  2. Annála Uladh, AU 698.1
  3. Annála Tiarnaigh, AT 698.1
  4. 4.0 4.1 Byrne, lch. 117
  5. Byrne, lch. xvii
  6. Mac Niocaill, lch. 114