Áine Ní Ghlinn

file agus scríbhneoir Éireannach (1955-)

Is scríbhneoir, file agus iriseoir í Áine Ní Ghlinn. Tá breis agus tríocha leabhar scríofa ag Áine Ní Ghlinn, ina measc bailiúcháin filíochta agus sraith leabhar agus úrscéalta do leanaí agus do dhéagóirí. Den chuid is mó, bíonn sí ag scríobh do dhaoine óga[1]. Bhí sí ceaptha ina Laureate na nÓg sa bhliain 2020,[2] an chéad uair a ceapadh údar Gaeilge sa ról náisiúnta sin.

Infotaula de personaÁine Ní Ghlinn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1955
68/69 bliana d'aois
Contae Thiobraid Árann, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Saol agus saothar cuir in eagar

Rugadh Áine i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1955. D’fhás sí aníos i gCrois an Ghúlaigh i dTiobraid Árainn agus chuaigh sí ag Scoil Náisiúnta an Bhealaigh, áit a raibh a hathair ina phríomhoide. Cé nach Gaeilge amháin a bhí acu sa mbaile agus í ag fás aníos, bhí an Ghaeilge go mór chun cinn sa mbaile. Gaeilge Chonamara a bhí ag a hathair arbh as Béal Átha na Sluaighe ó dhúchas dó ach a chaith go leor ama i gConamara ina óige. Gaeilge na Mumhan a bhí ag a máthair.[3]

Chuaigh sí go dtí Clochar na Toirbhirte Dúrlas Éile agus ansin go dtí Coláiste Ollscoile Átha Cliath, áit a bhain sí céim amach i nGaeilge agus i mBéarla. Ina dhiaidh sin,  chuaigh sí ar aghaidh chun Ard-Dioplóma san Oideachas a bhaint amach.

Ar dtús, d'oibrigh sí mar mhúinteoir meánscoile. Ina dhiaidh sin chuaigh sí go dtí an London School of Journalism, áit a bhfuair sí Dioplóma san Iriseoireacht. Bhain sí céim M A. sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach amach ó Ollscoil Lancaster.[4]

Sa lá atá inniu ann, scríobhann sí do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ. Tá sí ar cheann de na scríbhneoirí ar an seó teilifíse Ros na Rún.[5] 

Bíonn sí ag teagasc na scríbhneoireachta cruthaithí do gach aois, go háirithe sna Gaelscoileanna.[6] Treoraíonn sí ceardlanna do mhúinteoirí ar an Ghaeilge agus sa litríocht.[7] Ábhair dheachair iad cuid de na topaicí a chlúdaíonn sí ina cuid filíochta, cosúil le mí-úsáid leanaí.[8][9]

Cónaíonn sí i mBaile Átha Cliath.

Leabharliosta cuir in eagar

Bailiúcháin fhilíochta cuir in eagar

  • An Chéim Bhriste (Baile Átha Cliath, Coiscéim, 1984)
  • Gairdín Pharthais (Coiscéim, 1988)
  • Deora Nár Caoineadh/Unshed Tears (Dublin, The Dedalus Press/ Coiscéim, 1996).
  • Tostanna (Coiscéim)
  • An Guth Baineann (LeabhairCOMHAR)

Saothair neamh-fhicsin do dhéagóirí  cuir in eagar

  • Mná mar nGnáth (Baile Átha Cliath, An Gúm, 1990)
  • Daoine agus Déithe (An Gúm, 1996)

Ficsean do pháistí cuir in eagar

Ba é an leabhar Daifní Dineasár a d’fhoilsigh The O’Brien Press sa mbliain 2001 an chéad leabhar do pháistí dá cuid a foilsíodh.

Go gairid i ndiaidh an chéad leabhair sin, d’fhoilsigh An Gúm an dara leabhar do pháistí léi, An Leaba Sciathánach.  Tháinig cuid den inspioráid don leabhar sin ón tsraith leabhar The Bed That Went Whoosh! le Bernard Shaw agus William Bolger a foilsíodh sna 1960idí. Léigh sí an leagan Gaeilge den tsraith a bhí aistrithe go Gaeilge faoin teideal An Leaba a d’Imigh Huis!.[3]

  • Nílim ag Iarraidh dul ar Scoil (O ' Brien Press)
  • LeabhairCOMHAR/Daifní Díneasár(O ' Brien Press)
  • Moncaí Dána (O ' Brien Press)
  • Lámhainní Glasa (O ' Brien Press)
  • Éasca Péasca (O ' Brien Press)
  • Thar an Trasnán (O ' Brien Press)
  • Céard atá sa Bhosca (An Gúm)
  • Glantachán Earraigh (An Gúm)
  • Madra Meabhrach (Cois Life)
  • Fuadach (Cois Life)
  • Tromluí (Cois Life)
  • Cuairteoir (Cois Life)
  • Úbalonga (Cois Life), (Séideán Sí)
  • Daideo (Cois Life, 2014)
  • Hata Zú Mhamó (Cois Life, 2016)[10]
  • An Múinteoir Nua (Séideán Sí)

srl

Filíocht do pháistí cuir in eagar

  • Brionglóidí (Cló Mhaigh Eo)
  • Bronntanais (Cló Mhaigh Eo)

Drámaíocht do pháistí cuir in eagar

  • Éaló ón Zú (Cló Mhaigh Eo)

Tuilleadh léitheoireachta cuir in eagar

  • Imirce agus féiniúlacht sa 20ú Haois agus comhaimseartha i litríocht na Gaeilge
  • Cultúr ceilteach: Aberdeen breviary-celticism, Imleabhar 1 den Celtic Cultúr: A Stairiúil Chiclipéid, John T. Koch, ABC-CLIO, 2006, ISBN 18510944071851094407, ISBN 97818510944009781851094400
  • Is fearr filíocht Ghaeilge 2007, Maurice Riordan, Colm Breathnach, Southword Editions, 1 eanáir, 2006
  • An Scríbhneoir Éireannach agus ar fud an Domhain, Declan Kiberd, Cambridge University Press, 11 Lúnasa 2005

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Literature in Irish – The Irish Revival and Aftermath".
  2. "‘Tá sé an-tábhachtach go mbeadh daoine óga ag léamh i nGaeilge ar son an phléisiúir’ – Áine Ní Ghlinn ceaptha ina Laureate na nÓg" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-05-29.
  3. 3.0 3.1 Bridget Bhreathnach (18 Aibreán 2024). "Mac Pheig Sayers, dineasáir is muicíní – foilsiú a 30ú leabhar Gaeilge do pháistí á cheiliúradh ag Áine Ní Ghlinn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-18.
  4. Ann Owens Weekes (1993). "Unveiling treasures: the Attic guide to the published works of Irish women literary writers : drama, fiction, poetry". Attic Press. 
  5. Angela Bourke (2002). "The Field Day Anthology of Irish Writing". NYU Press. 
  6. "Áine Ní Ghlinn | Poetry Ireland". www.poetryireland.ie. Dáta rochtana: 2020-05-29.
  7. "Áine Ní Ghlinn | Poetry Ireland". www.poetryireland.ie. Dáta rochtana: 2020-05-29.
  8. Victoria White. "Secrets and lies" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-05-29.
  9. "Áine Ní Ghlinn" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-22. Dáta rochtana: 2020-05-29.
  10. "Hata zú Mhamó" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-22. Dáta rochtana: 2020-05-29.