Tharla Éirí Amach Mau Mau, mar a thugtar air in annálacha na staire, sna blianta 1952–1960.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtÉirí Amach na Mau Mau
Íomhá
Cineálceannairc Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dedíchoilíniú na hAfraice Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1952 - 1960
Dáta na bliana1952 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCoilíneacht na Céinia, Impireacht na Breataine Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Chéinia Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí faltanas ag muintir na Céinia in aghaidh na Sasanach le fada an lá (toisc an dóigh ar roinneadh na tailte sa tír sin srl). Tháinig na fadhbanna seo chun solais sa bhliain 1951, agus Aontas Afracach na Céinia ag éileamh tuilleadh ionadaíochta do na bundúchasaigh i rialú agus i riarachán na tíre, chomh maith le athroinnt na talún srl.[1]

Nuair a diúltaíodh do na héilimh seo, fuair lucht an antoisceachais seilbh ar an ngluaiseacht, agus chuaigh muintir na Céinia chun cearmansaíochta ar na Sasanaigh.

D'éirigh an cogadh níos fuiltí. Rinneadh bratbhuamáil ón aer (sé milliún buama san iomlán).[2][3] Rinneadh na Kikuyu a  imtheorannú (beagnach 500,000) and milliún eile sa chlár "villagisation".[1]

Cuimhnechán
Léarscáil

1952 cuir in eagar

Ar an 17 Lúnasa 1952, cuireadh staid éigeandála i bhfeidhm ar an tír, agus tuilleadh fórsaí armtha ag teacht le heitleáin ón mBreatain Mhór in aghaidh an lae leis an éirí amach a chloí. Chuaigh na cúrsaí an oiread sin chun géaradais is go bhféadfá a rá go raibh an Chéinia ar bharr lasrach le cogadh cathartha.

 
Cuimhnechán

1953 cuir in eagar

Sa bhliain 1953, rinne na ceannaircí ródach mór ar dhílseoirí ar de threibh Kikuyu iad. Chuir an t-ár seo - sléacht Lari, mar a thugtar air - malairt chuma ar fad ar pholaitíocht an éirí amach, agus fuair na Sasanaigh ar ais cuid den dea-chlú a bhí caillte acu i rith an chogaidh.

Ar an 8 Aibreán 1953, gearradh téarma príosúnachta seacht mbliana le daorobair ar Jomo Kenyatta, as an mbaint a bhí aige le gluaiseacht Mau Mau.

B'é an cineál straitéis a bhí ag Churchill ná an lámh láidir mhíleata a imirt gan trócaire ar na ceannaircí agus na héilimh a shásamh a bhí ag na hAfraicigh a chur chun tosaigh ar dtús, go dtí an diúltú a fuair siad ó rialtas Attlee.

1954 cuir in eagar

Cheap Winston Churchill an Ginearál Sior George Erskine leis an éirí amach a chur faoi chois i Nairobi, rud a rinne sé leis an oibríocht ar ar tugadh An Inneoin, sa bhliain 1954. Ina dhiaidh sin, chuathas i dtuilleamaí an Chasúir (oibríocht mhíleata eile) le deireadh a chur leis an gceannairc faoin tuath. D'ordaigh Churchill comhchainteanna síochána a chur ar bun le muintir na Céinia, ach theip ar na cainteanna seo agus eisean ina Phríomh-Aire go fóill.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Imperial Reckoning | Caroline Elkins | Macmillan" (en-US). US Macmillan. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-05-01. Dáta rochtana: 2021-04-08.
  2. Robert B. Edgerton; Internet Archive (1989). "Mau Mau : an African crucible". New York : Free Press ; London : Collier Macmillan. 
  3. Stephen Chapell (2011). "Air Power in the Mau Mau Conflict". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-10-20. Dáta rochtana: 2021.