Comhdhúil orgánach ina bhfuil adamh oscaigine nasctha le dhá ghrúpa ailcile. Comhdhúile réasúnta neamhimoibríoch is ea iad. An ceann is fearr eolas air is ea éitear eitile, CH3CH2-O-CH2-CH3, leacht so-ghalaithe le fiuchphointe 35 °C, a úsáidtear mar ainéistéiseach.