Ionstraim bheag sho-iompartha chun an fhriotaíocht i gciorcad leictreach a thomhas. Tá bataire is aimpmhéadar ann, chomh maith le dhá shreang cónaisc le ceangal leis an bhfriotóir anaithnid. Nuair a cheanglaítear leis an bhfriotóir é, bíonn an sruth a ritheann i gcomhréir inbhéartach leis an bhfriotaíocht, agus bíonn an t-aimpmhéadar grádaithe in aonaid óm.

An tÓm-mhéadar digiteach