Drámadóir agus béaloideasóir Éireannach a bhí sa Bhantiarna Isabella Augusta Gregory, née Isabella Augusta Persse (15 Márta 1852 — 22 Bealtaine 1932). Ba í an Bhantiarna Gregory, chomh maith le William Butler Yeats agus daoine eile, a bhunaigh Amharclann Liteartha na hÉireann agus Amharclann na Mainistreach agus scríobh sí cuid mhaith don dá chompántas seo. Scríobh an Bhantiarna Gregory roinnt leabhar arb athinsint iad ar scéalta miotaseolaíochta na hÉireann. I measc aicme a raibh gaol ar leith aici le rialú ón mBreatain a rugadh agus tógadh í ach thiontaigh sí a haird ar náisiúnachas cultúrtha, rud atá soiléir óna cuid scríbhneoireachta, agus ba léiriú é seo ar na hathruithe uile a thit amach in Éirinn lena linn.

Cuimhnítear ar an mBantiarna Gregory go háirithe mar gheall ar an obair a rinne sí ar son Athbheochan Liteartha na hÉireann. B’áit thábhachtach é baile na Bantiarna Gregory i bPáirc na Cúile, Contae na Gaillimhe, ar bhuail daoine mór le rá na hAthbheochana le chéile, agus bhí an obair a rinne sí mar bhall de bhord Amharclann na Mainistreach chomh tábhachtach do dhul chun cinn na hamharclainne is a bhí a cuid scríbhneoireachta cruthaithí. Fuair an Bhantiarna Gregory an mana seo aici ó Arastatail: "To think like a wise man, but to express oneself like the common people."


Luathshaol agus pósadh cuir in eagar

Bhí an Bhantiarna Gregory ar an iníon ab óige de chlann Persse. B'as Creig an Róistigh i gContae na Gaillimhe iad muintir Persse agus bhain siad le haicme na dtiarnaí talún Angla-Éireannacha. Ba ghaol í a máthair, Frances Barry, le Standish Hayes O’Grady, Céad Bíochunta Guillamore, agus eastát 6,000 acra (24 km²) ba ea Creig an Róistigh, áit chónaithe an teaghlaigh. Dódh príomhtheach an eastáit seo le linn Chogadh Cathartha na hÉireann. Tugadh oideachas di sa bhaile agus bhí tionchar nach beag ag altra an tí (i.e. banaltra chíche) ar an gcineál oibre a bhí i ndán don Bhantiarna Gregory ina dhiaidh sin. Mary Sheridan an t-ainm a bhí ar an mbean seo. Ba Chaitliceach agus cainteoir dúchais Gaeilge í Mary agus ba í a chuir stair agus finscéalta an cheantair áitiúil i láthair Isabella Augusta Persse nuair a bhí sí ina cailín óg. Is dócha go raibh tionchar ní ba mhó ag na scéalta seo uirthi ná mar a bheadh ar dhuine eile dá leithéid de ghnáth toisc nach raibh leabharlann sa teach agus nár lig a máthair di, a bhí ina dian-Phrotastúnach soiscéalach, úrscéalta a léamh go raibh sí 18 mbliana d’aois.

Phós sí Sir William Henry Gregory, baintreach fir a raibh eastát aige ag Páirc na Cúile, gar don Ghort i gContae na Gaillimhe, an 4 Márta 1880, ag eaglais Phrotastúnach i mBaile Átha Cliath. Toisc gur phós sí ridire, tugadh an teideal “an Bhantiarna Gregory” di. Bhí 35 bliain ag Sir William ar an mbean seo aige agus bhí sé díreach i ndiaidh éirí as a phost mar Ghobharnóir ar an tSiolóin (ar a dtugtar Srí Lanca anois). Bhí cúpla téarma fónta aige mar Fheisire do Chontae na Gaillimhe faoin am seo fosta. Ba dhuine oilte é agus bhí suim mhór aige i gcúrsaí liteartha agus ealaíonta. Bhí leabharlann mhór agus bailiúchán cuimsitheach ealaíne sa teach ag Páirc na Cúile agus ar ndóigh bhí fonn mór ar a bhean iad seo a scrúdú. Bhí teach aige i Londain fosta agus chaith an bheirt acu roinnt mhaith ama ann. B'ansin a bhí salón seachtainiúil acu ar ar fhreastail daoine tábhachtacha i gcúrsaí liteartha agus ealaíonta ar nós Robert Browning, an Tiarna Tennyson, John Everett Millais agus Henry James. Rugadh Robert Gregory, an t-aon pháiste a bhí acu, sa bhliain 1881. Fuair sé bás agus é ina phíolóta san arm le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Bhí an eachtra seo ina hinspreagadh do Yeats agus na dánta “An Irish Airman Foresees His Death” agus “In Memory of Major Robert Gregory” á scríobh aige.


Luathscríbhinní cuir in eagar

Thaistil an Bhantiarna Gregory agus a fear sa tSiolóin, san India, sa Spáinn, san Iodáil agus san Éigipt. Agus í san Éigipt bhí caidreamh seachphósta ag an mBantiarna Gregory leis an bhfile Sasanach, Wilfrid Scawen Blunt agus le linn an chaidrimh seo scríobh sí sraith dánta grá darb ainm A Woman's Sonnets. D’fhoilsigh Blunt na dánta seo tamall ina dhiaidh faoina ainm féin.

Ba é Arabi and His Household (1882) an chéad saothar a chuir sí amach faoina hainm féin. Ba phaimfléad é seo – a scríobhadh ar dtús mar litir chuig an bpáipéar nuachta The Times – a thug tacaíocht d’Ahmed Orabi Pasha. Ba cheannaire é seo ar éirí amach náisiúnaí na hÉigipte sa bhliain 1879 in aghaidh réimeas leatromach an Khedive agus in aghaidh ceannas Eorpach ar an Éigipt. Cuirtear Éirí Amach Urabi ar an éirí amach seo sa lá atá inniu ann. Dúirt an Bhantiarna Gregory agus í ag trácht ar an bpaimfléad seo ina dhiaidh sin go raibh seans gur scaoileadh le cibé seirfean nó fuinneamh polaitiúil a tháinig uaithi sa bhliain Éigipteach sin agus gur caitheadh é ó shin. D’ainneoin seo, sa bhliain 1893 d’fhoilsigh sí A Phantom’s Pilgrimage, nó Home Ruin (paimfléad frithnáisiúnaí in aghaidh an dara hAcht Rialtas Dúchais mar a moladh ag William Gladstone). Rinne sí obair charthanach i bparóiste Naomh Stiofáin, Southwark, Londain, agus scríobh sí paimfléad faoina taithí ann darb ainm Over the River (1887). Lean an Bhantiarna Gregory uirthi ag scríobh próis fad is a bhí sí pósta. Nuair a bhí a fear céile sa tSiolóin i ngeimhreadh na bliana 1883, d’oibrigh sí ar shraith cuimhní cinn a bhain le teach a hóige. Bhí sé ar intinn aici an saothar seo a fhoilsiú faoin teideal An Emigrant’s Notebook, ach d’éirigh sí as an bplean seo. Scríobh sí roinnt mhaith gearrscéalta sna blianta 1890 agus 1891 fosta, cé nár cuireadh i gcló iad seo riamh ach oiread. Maireann roinnt dánta ón tréimhse seo chomh maith nár foilsíodh riamh. Nuair a fuair Sir William Gregory bás i mí an Mhárta 1892, bhrón an Bhantiarna Gregory é. D’fhill sí ar Pháirc na Cúile agus d’eagraigh sí dírbheathaisnéis a fir céile sular fhoilsigh sí í sa bhliain 1894. Scríobh sí ina dhiaidh sin; "If I had not married I should not have learned the quick enrichment of sentences that one gets in conversation; had I not been widowed I should not have found the detachment of mind, the leisure for observation necessary to give insight into character, to express and interpret it. Loneliness made me rich - 'full', as Bacon says."


Náisiúnachas Cultúrtha cuir in eagar

Chuir an Bhantiarna Gregory athshuim sa Ghaeilge agus i mbéaloideas an cheantair inar chónaigh sí nuair a chuaigh sí ar turas go hInis Oírr, ceann d’Oileáin Árann, i 1893. D’eagraigh sí ceachtanna Gaeilge ag an scoil sa Chúil agus thosaigh sí ag bailiú scéalta ón gceantar máguaird, go háirithe ó dhaoine a bhí i dteach na mbocht sa Ghort. Mar thoradh ar an obair seo, foilsíodh roinnt imleabhar ar ábhair bhéaloidis lena n-áirítear A Book of Saints and Wonders (1906), The Kiltartan History Book (1909), agus The Kiltartan Wonder Book (1910). Chuir sí amach roinnt bailiúchán de leaganacha canúna Chill Tartan ar scéalta miotaseolaíochta na hÉireann, lena n-áirítear Cuchulain of Muirthemne (1902) agus Gods and Fighting Men (1904). Sa réamhrá a scríobh sé do Gods and Fighting Men dúirt Yeats “I think that this book is the best that has come out of Ireland in my time.” Rinne James Joyce scigaithris ar an ráiteas seo sa chaibidil 'Scylla and Charybdis' dá úrscéal ''Ulysses''. Rinne Flann O’Brien scigaithris ar an leabhar ina dhiaidh sin fosta ina leabhar féin darb ainm ''At Swim-Two-Birds'' agus leaganacha rólitriúla de na scéalta Fiannaíochta scríofa aige.

Ag druidim i dtreo dheireadh na bliana 1894, agus í spreagtha ag na léirmheasanna maithe a fuair sí don eagarthóireacht ar dhírbheathaisnéis a fir céile, chuaigh an Bhantiarna Gregory i ngleic le tionscadal eagarthóirtheachta eile. Shocraigh sí ar phíosaí ó litreacha ó sheanathair Sir William Gregory a chur in eagar le go bhfoilseofaí iad faoin teideal Mr Gregory’s Letter-Box 1813-30 (1898). Mar chuid den obair seo bhí uirthi taighde a dhéanamh ar stair na tréimhse sin in Éirinn agus mar thoradh air seo d’athraigh sí a dearcadh féin ón Aontachas ‘bog’ atá le brath ina luathscríbhinní faoi Rialtas Dúchais. Ó seo amach ba léir gur thacaigh sí le náisiúnachas na hÉireann agus an Poblachtanas agus chuir sí síos ar an dearcadh nua seo aici ag rá go raibh “a dislike and distrust of England” aici.



Bunú Amharclann na Mainistreach cuir in eagar

 
Póstaer don chéad chlár de dhrámaí in Amharclann na Mainistreach ó 27 Nollaig 1904 go 3 Eanáir 1905.

Ba chomharsa de chuid na Bantiarna Gregory é Edward Martyn agus nuair a bhí sí ar cuairt chuig a theach i dTul Aighre chuir sí aithne ar W.B Yeats. Sa bhliain nó dhó ina dhiaidh sin tháinig smaointe an triúir seo le chéile agus bhunaigh siad Amharclann Liteartha na hÉireann sa bhliain 1899. Chuaigh an Bhantiarna Gregory i mbun tiomsaithe airgid agus bhí The Heather Field le Martyn agus The Countess Cathleen le Yeats ar chéad chlár an tionscadail. Le linn na tréimhse seo, chuidigh sí le Yeats agus a chéad drámaí á scríobh aige. Áirítear sna drámaí seo The Countess Cathleen. Sa dráma seo chuidigh sí, go háirithe le scríbhneoireacht friotail a bhain le lucht na tuaithe.

Mhair tionscadal Amharclann Liteartha na hÉireann go dtí 1901, ach theip air ansin mar gheall ar easpa airgid. I 1904, tháinig an Bhantiarna Gregory, Martyn, Yeats, John Millington Synge, Æ, Annie Elizabeth Fredericka Horniman agus William agus Frank Fay le chéile agus bhunaigh siad Cuideachta Amharclann Náisiúnta na hÉireann. Bhí na chéad léirithe a chuir an chuideachta ar ardán ar siúl i bhfoirgneamh darb ainm Halla Molesworth. Tharla sé go raibh Amharclann Ibeirneach na nIlsiamsaí (The Hibernian Theatre of Varieties) ar Shráid na Mainistreach Íochtarach ar fáil chomh maith le foirgneamh in aice leis ar Shráid Mhaoilbhríde, agus nuair a tharla seo thoiligh Horniman agus William Fay go gceannóidís iad agus go ndéanfaidís iad a athchóiriú ar mhaithe leis an gcuideachta.

An 11 Bealtaine 1904, ghlac an chuideachta, go hoifigiúil, le tairiscint Horniman a ceadaíodh dóibh an foirgneamh a úsáid. Toisc nach raibh cónaí ar Horniman in Éirinn de ghnáth, d’íoc sí as na Litreacha Paitinne Ríoga cé gur deonaíodh iad in ainm na Bantiarna Gregory. Léiríodh ceann dá drámaí féin, Spreading the News, ar an chéad oíche, 27 Nollaig 1904. Nuair a osclaíodh The Playboy of the Western World le Synge i mí Eanáir 1907, thóg cuid mhaith den slua círéib agus mar gheall air seo rinneadh drámaí geáitsíochta de na léirithe den dráma a bhí fágtha. Ní raibh meas chomh mór sin ag an mBantiarna Gregory ar an dráma agus a bhí ag Yeats ach sheas sí le Synge ar phrionsabal. Déantar scéal gearr dá barúil faoin ábhar i litir a scríobh sí chuig Yeats faoi na círéibeacha; "It is the old battle, between those who use a toothbrush and those who don’t."


Obair dhéanach cuir in eagar

 
Clúdach dhráma na Bantiarna Gregory, The White Cockade (1905).

Ba stiúrthóir amharclainne gníomhach í an Bhantiarna Gregory go dtí go raibh uirthi éirí as i 1928 de bharr drochshláinte. Le linn an ama seo, scríobh sí breis agus 19 ndráma, formhór acu d’Amharclann na Mainistreach. Ní minic a chuirtear a drámaí i láthair sa lá atá inniu ann agus ní raibh spéis mhór iontu ag an am ach oiread. Muise, scríobh an scríbhneoir Éireannach Oliver St John Gogarty uair amháin gur bheag nár scriosadh Amharclann na Mainistreach trína cuid drámaí a shíorléiriú. Chomh maith lena drámaí, scríobh sí staidéar dhá imleabhar ar bhéaloideas a ceantair áitiúil darb ainm Visions and Beliefs in the West of Ireland i 1920. Bhí an phríomhpháirt aici i dtrí léiriú de Cathleen Ní Houlihan i 1919 fosta.

Agus í ar bhord Amharclann na Mainistreach, bhí Páirc na Cúile mar bhaile aici i gcónaí agus nuair a bhí sí i mBaile Átha Cliath d’fhan sí in óstáin éagsúla. D’ith sí go coigilteach sna hóstáin seo agus thugadh sí bia léi ón mbaile go minic. D’úsáideadh sí a seomraí sna hóstáin le hagallaimh a dhéanamh ar dhrámadóirí a d’fhéadfadh obair a dhéanamh don Amharclann agus le comhrá a choinneáil leis an gcompántas i ndiaidh oscailt drámaí nua. B’iomaí lá a chaith sí ag obair ar a haistriúcháin i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Thuill sí clú mar dhuine a bhí measartha coimeádach. Mar shampla, nuair a chuir Denis Johnston a chéad dráma Shadowdance isteach chuig Amharclann na Mainistreach, dhiúltaigh an Bhantiarna Gregory é agus cuireadh an dráma ar ais chuig an údar le nóta ar an leathanach tosaigh ag rá “The Old Lady says No”. D’athainmnigh Johnston an dráma agus faoi dheireadh thiar léiríodh The Old Lady Says ‘No’ in Amharclann an Gheata i 1928.


Scor agus bás cuir in eagar

 
An Bhantiarna Gregory agus í ag dul in aois

Nuair a d’éirigh sí as a post ar bhord Amharclann na Mainistreach, d’fhill an Bhantiarna Gregory ar Ghaillimh ach lean sí uirthi ag tabhairt cuairte ar Bhaile Átha Cliath ar bhonn rialta. Díoladh an teach agus an t-eastát ag Páirc na Cúile chuig Coimisiún Foraoiseachta na hÉireann i 1927 ach choinnigh an Bhantiarna Gregory tionóntacht fad a saoil. Ba phointe comhtheagmhála é an teach seo aici i nGaillimh, le fada an lá, do scríbhneoirí a raibh baint acu le hAthbheochan Liteartha na hÉireann, agus bhí an tábhacht chéanna ag baint leis i ndiaidh di éirí as an obair. Ní mhaireann an teach a thuilleadh ach is féidir inisealacha na ndaoine seo a leanas a fheiceáil go fóill agus iad snoite ar chrann atá ar thailte a bhain leis an teach; Synge, Æ, Yeats agus a dheartháir Jack (an t-ealaíontóir), George Moore, Sean O’Casey, George Bernard Shaw, Katharine Tynan agus Violet Martin. Scríobh Yeats cúig dhán atá faoin teach seo agus a eastát dánta atá lonnaithe ann: "The Wild Swans at Coole", "I walked among the seven woods of Coole", "In the Seven Woods", "Coole Park, 1929" agus "Coole Park and Ballylee, 1931".

Fuair an Bhantiarna Gregory bás le hailse chíche sa bhaile agus í ceithre scór bliain d’aois. Dúirt Shaw fúithi tráth gurbh í “the greatest living Irishwoman”. Cuireadh í sa Reilig Nua ar an mBóthar Mór i gContae na Gaillimhe. Cuireadh inneachar Pháirc na Cúile ar ceant trí mhí i ndiaidh a báis agus scartáladh an teach i 1941. Chaill drámaí na Bantiarna Gregory gnaoi na ndaoine i ndiaidh a báis agus is annamh a léirítear iad sa lá atá inniu ann. Choinnigh sí dialanna den chuid is mó dá saol fásta agus foilsíodh cuid mhór de na dialanna seo ó fuair sí bás. Is foinse iontach eolais iad ar stair liteartha na hÉireann sa chéad tríocha bliain den 20ú haois. Maidir leis an tréimhse inar bunaíodh Amharclann na Mainistreach, ní mhaireann ach na dialanna a scríobh sí ag an am mar thaifead comhaimseartha ag duine de phríomh-rannpháirtí na n-imeachtaí seo.