Achadh Bhó (paróiste sibhialta)

paróiste sibhialta i gContae Laoise
(Athsheolta ó Achadh Bhó, paróiste)

Paróiste sibhialta i gContae Laoise is ea Achadh Bhó[1]. Tá cuid den pharóiste i mbarúntacht Chlár Maí Locha [2] agus cuid eile i mbarúntacht Chlann Donncha [3] .

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAchadh Bhó

Suíomh
Map
 52° 53′ 42″ N, 7° 32′ 22″ O / 52.89513°N,7.53934°W / 52.89513; -7.53934
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Laoise
BarúntachtClann Donncha Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1412

Paróiste Eaglais na hÉireann

cuir in eagar

Amhail paróistí sibhialta eile in Éirinn, díorthaíodh paróiste sibhialta Achadh Bhó as, agus síneann sé thar an gceantar céanna le paróiste eaglasta a bhí ann cheana de chuid Eaglais na hÉireann. Mar gheall ar atheagrú na heaglaise, áfach, níl an paróiste eaglasta ann a thuilleadh, agus é cuimsithe isteach i bparóiste Ráth Domhnaigh i nDeoise Chaisil agus Osraí.

Ba bhiocáire de pharóiste Eaglais na hÉireann é an staraí, seandálaí agus topagrafaí, Edward Ledwich [4]; ceapadh é sa bhliain 1772 agus caithfidh sé gur éirigh sé as sa bhliain 1797 mar ceapadh a chomharba sa bhliain sin.

Séipéal luath-Éireannach

cuir in eagar

I luath-eaglais na hÉireann, bhí paróiste ina aonad eaglasta críche bunaithe ar an aonad críche Gaelach ar a dtugtar túath [5] nó ar lonnaíochtaí luath-Chríostaí agus manachúla. I gcás Achadh Bhó, is cosúil go bhfuil an paróiste bunaithe ar aireacht na mainistreach uath-meánaoisí Achadh Bhó

Bailte Fearainn

cuir in eagar

Is iad na bailte fearainn atá sa pharóiste ná:

  • Achadh Bhó
  • Anster
  • Ard Bhearna
  • Baile Uí Bhróithe
  • Baile Cholla
  • Baile Uí Chuidithigh
  • Baile Uí Gharbháin
  • Baile Uí Ghaoithín Íochtarach
  • Baile Uí Ghaoithín Uachtarach
  • Baile Uí Ghamhdáin Beag
  • Baile Shionóid
  • Baile Uí Chaomháin
  • Baile Eoghain
  • Baile Raighleáin
  • Barnasallagh
  • An Bán Breac
  • Bánchnoc
  • An Bóthar Ard
  • Buiríos Mór Osraí (baile)
  • Na Críocha Dubha Thuaidh
  • An Cheapach
  • An Cheathrú Riabhach
  • Cnoc an tSéipéil
  • Cúlbhaile
  • Cúil Fhinn
  • An Corrán
  • An Chrois
  • Cruail
  • Baile Uí Ghamhdáin Mór
  • Garrán Buaile
  • Deilge Bán
  • An Doirín
  • Doirín Oilibhéir
  • Doire na Saileach
  • Doire Mhuireagáin
  • An Dún
  • Fearann na hEaglaise
  • Fiarach Fionn
  • Fearann na mBráthar
  • An Garraí Dubh
  • Gort na Cleithe
  • Gort na gCruach
  • An Ghráinseach Bheag
  • Grange More
  • Baile an Ghróntaigh
  • Caolach
  • An Choill Bheag
  • Coill Choitín
  • Cill Deilge
  • Cill Mhaolphóil
  • Cill na Saor
  • Cnoc an Mhuilinn
  • Cnoc an Róigh
  • An Cnoc Fionn
  • Cloch Choill
  • Cnoc Saighre
  • Coill tSaileoige
  • An Léim
  • An Liagán
  • An Lios Mór
  • Machaire na Sceach
  • An Láithreach
  • Móin Fad
  • An tSeanghlais
  • Cnoc an Fhalmairigh
  • Carraig na Páirce nó Dún Másc
  • Cnoc na Foraire
  • Seanbhoth
  • An Sceach
  • Cloch Choill
  • Tigh na Rátha
  • Toinn an Ráithín
  • Tigh an Tuair
  • An Tóin Riabhach
  • Páirceanna an Bhaile


  1. Achadh Bhó
  2. Clár Maí Locha
  3. Clann Donncha
  4. John O'Hanlon and Edward O'Leary, History of Queen's County[nasc briste go buan], Volume 1, (1907), page 156
  5. Michael A. Monk and John Sheehan, Early Medieval Munster: Archaeology, History and Society, ISBN 1859181074, (1998), page 56