Achadh Bhó (paróiste sibhialta)
Paróiste sibhialta i gContae Laoise is ea Achadh Bhó[1]. Tá cuid den pharóiste i mbarúntacht Chlár Maí Locha [2] agus cuid eile i mbarúntacht Chlann Donncha [3] .
Achadh Bhó | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Laoise | |||
Barúntacht | Clann Donncha | |||
Logainm.ie | 1412 |
Paróiste Eaglais na hÉireann
cuir in eagarAmhail paróistí sibhialta eile in Éirinn, díorthaíodh paróiste sibhialta Achadh Bhó as, agus síneann sé thar an gceantar céanna le paróiste eaglasta a bhí ann cheana de chuid Eaglais na hÉireann. Mar gheall ar atheagrú na heaglaise, áfach, níl an paróiste eaglasta ann a thuilleadh, agus é cuimsithe isteach i bparóiste Ráth Domhnaigh i nDeoise Chaisil agus Osraí.
Ba bhiocáire de pharóiste Eaglais na hÉireann é an staraí, seandálaí agus topagrafaí, Edward Ledwich [4]; ceapadh é sa bhliain 1772 agus caithfidh sé gur éirigh sé as sa bhliain 1797 mar ceapadh a chomharba sa bhliain sin.
Séipéal luath-Éireannach
cuir in eagarI luath-eaglais na hÉireann, bhí paróiste ina aonad eaglasta críche bunaithe ar an aonad críche Gaelach ar a dtugtar túath [5] nó ar lonnaíochtaí luath-Chríostaí agus manachúla. I gcás Achadh Bhó, is cosúil go bhfuil an paróiste bunaithe ar aireacht na mainistreach uath-meánaoisí Achadh Bhó
Bailte Fearainn
cuir in eagarIs iad na bailte fearainn atá sa pharóiste ná:
- Achadh Bhó
- Anster
- Ard Bhearna
- Baile Uí Bhróithe
- Baile Cholla
- Baile Uí Chuidithigh
- Baile Uí Gharbháin
- Baile Uí Ghaoithín Íochtarach
- Baile Uí Ghaoithín Uachtarach
- Baile Uí Ghamhdáin Beag
- Baile Shionóid
- Baile Uí Chaomháin
- Baile Eoghain
- Baile Raighleáin
- Barnasallagh
- An Bán Breac
- Bánchnoc
- An Bóthar Ard
- Buiríos Mór Osraí (baile)
- Na Críocha Dubha Thuaidh
- An Cheapach
- An Cheathrú Riabhach
- Cnoc an tSéipéil
- Cúlbhaile
- Cúil Fhinn
- An Corrán
- An Chrois
- Cruail
- Baile Uí Ghamhdáin Mór
- Garrán Buaile
- Deilge Bán
- An Doirín
- Doirín Oilibhéir
- Doire na Saileach
- Doire Mhuireagáin
- An Dún
- Fearann na hEaglaise
- Fiarach Fionn
- Fearann na mBráthar
- An Garraí Dubh
- Gort na Cleithe
- Gort na gCruach
- An Ghráinseach Bheag
- Grange More
- Baile an Ghróntaigh
- Caolach
- An Choill Bheag
- Coill Choitín
- Cill Deilge
- Cill Mhaolphóil
- Cill na Saor
- Cnoc an Mhuilinn
- Cnoc an Róigh
- An Cnoc Fionn
- Cloch Choill
- Cnoc Saighre
- Coill tSaileoige
- An Léim
- An Liagán
- An Lios Mór
- Machaire na Sceach
- An Láithreach
- Móin Fad
- An tSeanghlais
- Cnoc an Fhalmairigh
- Carraig na Páirce nó Dún Másc
- Cnoc na Foraire
- Seanbhoth
- An Sceach
- Cloch Choill
- Tigh na Rátha
- Toinn an Ráithín
- Tigh an Tuair
- An Tóin Riabhach
- Páirceanna an Bhaile
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Achadh Bhó
- ↑ Clár Maí Locha
- ↑ Clann Donncha
- ↑ John O'Hanlon and Edward O'Leary, History of Queen's County[nasc briste go buan], Volume 1, (1907), page 156
- ↑ Michael A. Monk and John Sheehan, Early Medieval Munster: Archaeology, History and Society, ISBN 1859181074, (1998), page 56
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |