Adhlacthaí portaigh
Coirp ársa dhaonna a fuarthas i bportaigh i dtuaisceart na hEorpa, a bhfíocháin bhoga is a gcuid gruaige caomhnaithe go han-mhaith faoi na cúinsí báite anaeróbacha sna portaigh. Fuarthas na céadta díobh seo in Éirinn, an Bhreatain, an Ollainn, an Ghearmáin agus an Danmhairg. I 1984 fuarthas corp fir óig (Duine Lindow, 25-30 bliain d'aois, 1.7 m ar airde) a adhlacadh timpeall 300 RC i Lindow Moss i Sasana: meastar gur maraíodh é mar choirpeach nó íobairt. Tá léargas úr tábhachtach faighte ar ré na págánach ó dhá chorpán a fuarthas i bportaigh le déanaí. Ba sa bhliain 2003 a thágthas ar Fhear Chluain an Chabháin ó Cho. na Mí agus ar fhear Chruacháin, ó Cho. Uíbh Fhailí, arbh íobairtí daonna iad beirt idir tuairim is 400 agus 200 R.Ch. Sholáthair mionanailís ar na corpáin agus taighde ar fhríotha eile ó phortaigh léargais nua a thabharfadh le fios gur bhain na híobairtí seo ón Iarannaois le deasghnátha ársa flaithis agus ríogachta.[1][2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Adhlacthaí portaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 10.
- ↑ Eamonn P. Kelly (2007). "Treoirleabhar Ard-Mhúsaem na hÉireann Seandálaíocht".
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |