Osclóidh seo an príomhroghchlár
Adolf Eichmann ar triail in Iarúsailéim, 1961

Naitsíoch agus SS-Obersturmbannführer (leifteanantchoirnéal) in Arm na Gearmáine ba ea Otto Adolf Eichmann (19 Márta 19061 Meitheamh 1962). Bhí sé ar phríomheagraithe an Uileloscaidh le linn an Dara Cogadh Domhanda.

LuathshaolCuir in Eagar

In Solingen, sa Ghearmáin a rugadh é.

An AirgintínCuir in Eagar

 
Ricardo Klement, 1950

D'éirigh le hEichmann éalú ag deireadh an chogaidh agus sa bhliain 1950 chuir sé faoi san Airgintín. Chaith sé 10 mbliana ansin faoin ainm bréagach Ricardo Klement.

Fuair an ghníomhaíocht faisnéise Iosraelach Mossad amach cá raibh sé, agus sa bhliain 1960 d'fhuadaigh gníomhairí de chuid Mossad agus Shin Bet é.

Triall agus cur chun báisCuir in Eagar

Tugadh chun trialach in Iarúsailéim, Iosrael, é mar ar cuireadh coireanna cogaidh ina leith. Ciontaíodh agus daoradh chun báis é ar 11 Nollaig 1961. Crochadh é ar 1 Meitheamh 1962 in Ramla, in Iosrael.

Dúirt Eichmann tráth go mbeadh sástacht iontach air "ag léim isteach san uaigh" dó agus bás 5 mhilliún duine ar a choinsias.[1]

 
Síniú

TagairtíCuir in Eagar

  1. The Rise and Fall of the Third Reich. Shirer, William L. 1960, Fonóta, lch. 978, Nua-Eabhrac: Simon & Schuster