Aga frithghníomhaithe
An t-aga ó thús comhartha go dtí tús freagartha deonaí air. Braitheann an t-aga ar chastacht na ndálaí, líon na gcomharthaí i gceist, agus rogha na bhfreagairtí, ach is annamh é a bheith níos lú ná 0.2 soicind. Bíonn tomhais RT áisiúil do shíceolaithe chun conclúidí a bhaint mar gheall ar phróisis sa néarchóras lárnach, agus i bhfeidhmeanna cosúil le feabhsú scileanna ardluais mar thiomáint gluaisteáin, eitilt eitleáin is imirt cluichí liathróide.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aga frithghníomhaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 13.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |