Riocht a tharlaíonn i ndaoine áirithe le dochar don inchinn ionas nach féidir leo réada a aithint, bíodh is go bhfuil radharc na súl is cumas intleachtach maith go leor acu. Go minic, bíonn an riocht sainiúil do chéadfa ar leith. Mar shampla, is féidir go mbeidh an t-othar in ann réad a aithint trí mhothú, gan a bheith in ann é a aithint trí radharc na súl.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Agnóise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 13.