Aigéad mailéach
C4H4O4, a leáphointe 139 °C. Isiméir gheoiméadrach de chuid aigéid fhúmaraigh, ach ós rud é go bhfuil na grúpaí carbocsaile ar an taobh céanna den nasc dúbailte, foirmíonn sé nasc inmheánach hidrigine, mar a léiríonn an fhoirmle thuas. Mar sin, is lú go mór a leáphointe ná leáphointe an aigéid fhúmaraigh. Cruthaíonn sé ainhidríd go héasca trí mhóilín uisce a chailliúint, agus ansin cruthaíonn móilín fáinne.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |