Sa tsean-Éigipt, sainithe ag úsáid cloiche ar scála tromábhal, curtha le chéile le pirimidí dubhacha. Is é an sampla is luaithe an leacht céimnithe ag Sacára (2650-2600 RC). Tháinig na pirimidí rialta ina dhiaidh sin, ina measc an ceann ag Giza (2600-2480 RC). Tá na teampaill tromábhal freisin, cosúil le teampall Amóin i gCarnac (1570-1085 RC), atá tógtha ar fhoirmithe nádúrtha carraige, le ballaí réabtha, hallaí le colúin, colúnáidí is fánáin. Airíonna eile atá uathúil don Éigipt is ea an oibilisc, an stoc barrchaol monailiteach cloiche, an piolón, agus an túr pirimidiúil barrscoite. Bhí an ailtireacht baile neamhbhuan, déanta as cré is fiú paipír.[1]

Ailtireacht na hÉigipte

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht na hÉigipte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.