CH3CH2CH2CH2CH2-, peintil i scéim IUPAC. Grúpa a dhíorthaítear ó pheantán trí adamh amháin hidrigine a bhaint. Is codán stáirse le meáchan íseal adamhach í amalós. Is codán ola fiúsail é alcól aimile, meascán de chuid mhaith isiméirí de C5H11OH le boladh bréan is fiuchphointe timpeall 130 °C. Is amalóideach é an meascán próitéiní is polaisiúicrídí a fhosaítear mar ábhar snáithíneach in orgáin ainmhithe nuair a bhíonn galair áirithe acu.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aimil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 22.