Airde (minicíocht)
Airí de chéadfa na cloisteála a ligeann do dhuine a mheasúnú go bhfuil an fhuaim ard nó íseal ó thaobh na minicíochta de. D'athraigh an airde ag a bhfuaimníonn nóta ceolmhar is a mbíonn gléasanna ceoil i dtiúin leo ó am go chéile. Is é an nóta caighdeánach anois (ar ghlac Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán leis i 1955) ná a′ = 440 Hz. Duine ar féidir leis airde nóta aonaraigh a ainmniú go cruinn, deirtear go bhfuil airde fhoirfe aige.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Airde". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 26.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |