Aistriú cladaigh
Gluaiseacht páirteagail dríodair ar feadh na trá de bharr gníomhaíocht na dtonnta. Is féidir go n-iomprófar na páirteagail ar feadh dromchla na trá, á rolladh síos suas ar uillinn leis na tonnta (deascadh trá). Is féidir go n-iomprófar iad ar fuaidreamh san uisce suaite sa chrios tonnach de réir mar a ghluaiseann sé sin ar feadh na trá (an sruth cladaigh).[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aistriú cladaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 29.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |