Aitíth mac Laigni

Rí Uladh

Rí Ulad de chlann Uí Eachach Chobha, géag de Dhál Araí, ba ea Aitíth mac Laigni (Sean-Ghaeilge Aitíth mac Laigni) (bás 898). Bhí sé i réim ón mbliain 896 go dtí 898.

Infotaula de personaAitíth mac Laigni
Beathaisnéis
Bás898 (Féilire Ghréagóra)
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Duine muintearthaFearghas mac Aodháin () Cuir in eagar ar Wikidata

Fearghas Mac Aodháin (bás 692), a ghaol sé ghlúin amach, ba ea a shinsear deireanach a bhí ina rí Ulad.[1] D'fhéadfadh é go ndearnadh rí Chobha de sa bhliain 882 tar éis bhás Chonalláin mhic Mhaoil Dúin.

Feictear ar dtús é sna hannála don bhliain 893, nuair a bhí sé ciontach in achrann idir na hUlaid agus Cineál Eoghain. Mharaigh roinnt fear agus b'éigean don abb Maolbhríde (Máel Brigte) mac Tornáin had to separate the disputing parties.[2][3] Íocadh cúiteamh sin abb mar thoradh. An bhliain chéanna, mharaigh sé rí na nUlad, Bécc mac Éireamhóin de Dhál Fhiatach. Bhí sé ciontach ansin i ndúnmharú Mhuireadhaigh mhic Eochagáin (bás 895), rí réir Ulad de Dhál Fiatach.[4]

D'éirigh Aitíth ina rí sa bhliain 896.[5] Sa bhliain úd, maraíodh Cumascach mac Muireadhaigh, rí Ard Ciannachta|Ard Ciannacht, (dream faoi cheannas Bhreá, lonnaithe i gContae Lú) ag na hUlaid.[6] Fosta sa bhliain seo, i dteannta lena chomhghuaillí as Conaille Muirtheimne (ceantar Dhún Dealgan), chloígh sé na Lochlannaigh agus mharaigh sé Amhlaoibh mac Íomhair.[7]

Tharraing eachtraí Aití aird Uí Néill an Deiscirt. Sa bhliain 897, chloígh rí Bhreá, Máel Finnia mac Flannacáin (bás 903) arm na nUlad ah Cath Rath Cró.[8][9] Maraíodh san áireamh Muireadhach mac Mhic Éitigh, rí Dhál Araí agus Aindiarraid mac Maoil Mhochéirí, rí Leath Cathail de Dhál Fhiatach. D'éalaigh Aitíth ón gcath ach gortaithe go dona. An bhliain dár gcionn 898, mharaigh go fealltach é ag a ghaoil féin.[10]

Bhí a mhuintir Uí Airí (Uí Aiteidh i gceannas Uí Eachach Chobha ón luath-10ú haois go dtí an luath-12ú haois.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 7
  2. Annála Uladh, AU 893.2
  3. Chronicum Scotorum, CS 893
  4. AU 895.4
  5. Tugtar réimeas 8 mbliana do sa Leabhar Laighneach
  6. AU 896.5
  7. AU 896.7
  8. AU 897.2
  9. CS 897
  10. AU 898.1