Alan Turing
Ba mhatamaiticeoir, ríomheolaí, loighceoir, crioptanailísí, bitheolaí agus fealsamh Sasanach é Alan Mathison Turing (23 Meitheamh 1912 - 7 Meitheamh 1954). Is duine de bhunaitheoirí an ríomheolaíochta é. Tá aithne ar Turing mar athair na ríomheolaíochta nua-aoisigh agus na intleachta saorga[1] araon.
In ainneoin na sár-éachtaí luachmhara a bhain sé amach, ní bhfuair Turing an aitheantas ceart lena linn féin agus ina thír dhúchais - fear aerach a bhí ann a bhí ag obair faoi cheilt le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Códoibríocht
cuir in eagarD'oibrigh sé ar an tionscnamh i mBletchley Park i rith an Dara Cogadh Domhanda chun cód na nGearmánach, Enigma, a bhriseadh.
Ríomhaireacht
cuir in eagarTar éis an chogaidh, chaith sé seal ag obair sa National Physical Laboratory, ag cruthú ceann de na chéad dearaí do ríomhaire le ríomhchlár stóráilte, cé nár tógadh é riamh.
I 1947 bhog sé go hOllscoil Mhanchain, ag obair ar dtús ar bhogearraí, ar an Manchester Mark I, a bhí ag teacht chun cinn ag an am mar cheann de na fíor-ríomhairí ba luaithe.
D'fhorbair sé tréithriú matamaiticiúil ar choincheap na hináitritheachta[2].
Thug sé isteach coincheap teoiriciúil an ríomhaire idéalaigh (meaisín Turing), struchtúr an ríomhaire, agus leag síos bunsraitheanna réimse na hintleachta saorga.
Bás
cuir in eagarFuair sé bás i 1954. D'fhógair an coiste cróinéara go bhfuair sé bás tar éis úll a bhí clúdaithe leis an nimh ciainíd a ithe.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ https://books.google.ie/books?id=C9WQbm4ovFoC&pg=PA481&redir_esc=y&hl=en#v=onepage&q&f=false
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |