Allapaite
Téarma a d'úsáid Samuel Hahnemann chun cur síos ar mhodh oibre gnáthleighis chirt a thugann cóireáil chun cosc a chur ar shiomtóin an ghalair de réir prionsabal na n-urchomhaireach: anailgéisigh chun cosc a chur le pian, purgóidí chun feidhmiú i gcoinne na ceangailteachta. Dar le Hahnemann, is é a mhalairt a dhéantar sa hoiméapaite, a ghríosaíonn frithghníomh na colainne i gcoinne próiseas galair, seachas é a chosc.[1][2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Alapaite (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 30.
- ↑ ““allapaite” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-23.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |