Is í Amailtia an 5ú satailít nádúrtha de chuid Iúpatair, a fionnadh sa bhliain 1892. Tá Amailtia ag fithisiú Iúpatair faoi 181,000 km den phláinéad, a bheag ná a mhór, agus níl cianphointe na gealaí ródhifriúil leis an ngarphointe - tá an fhithis réasúnta ciorclach. Tá Amailtia 270 km ar thrastomhas, a bheag nó a mhór, ach tá sí an-mhírialta ina cosúlacht - níl sí in aon chóngar do bheith sféarúil. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Edward Emerson Barnard a d'aithin í, an fear ceanna a bhfuil Réalta Barnard ainmnithe as. Tugtar Iúpatar a Cúig ar Amailtia chomh maith, agus mar is léir ón teideal, tá imeachtaí an ghearrscéil fhicsin eolaíochta úd Jupiter Five le hArthur C. Clarke bunaithe ar Amailtia nó ar a timpeallacht. Tá Amailtia ag fithisiú Iúpatair in aice an fháinne ar a dtugtar "fáinne leámháin Amailtia", agus tá an fáinne comhdhéanta as dusta a tháinig ó Amailtia féin.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochAmailtia 
Cineálgealach de chuid Iúpatair agus gnáthghealach
FionnachtaíEdward Emerson Barnard[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana9 Meán Fómhair 1892[2], Réadlann Lick
EapainmAmalthea
Réad tuismitheoraIúpatar
Sonraí fithiseacha
Apaipsis182,840 km Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis181,150 km Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a181,400 km[3]
Éalárnacht e0.00319[4]
Tréimhse fhithiseach P0.49817943 d[5]
Claonadh i0.374 °
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Ga83.45 km[6] Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V)14.1 (banda V) Cuir in eagar ar Wikidata
Mais2.1 Zg[7] Cuir in eagar ar Wikidata
Toirt2,430,000 km³[6] Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.09 Cuir in eagar ar Wikidata

Glactar leis gur leac oighir is mó atá in Amailtia. Aithnítear cráitéir agus iomairí móra ar an ngealach seo. Ba iad na taiscéalaithe spáis úd Voyager a hAon agus Voyager a Dó sa bhliain 1979 a thug na chéad ghrianghrafanna d'Amailtia dúinn, ach ina dhiaidh sin ba é an fithiseoir úd Galileo a thóg grianghrafanna ní ba mhionchruinne sna 1990idí.

Tá ceithre ghné de chosúlacht Amailtia ainmnithe - dhá chráitéar agus dhá spota geal. Is iad na cráitéir ná Pan agus Gaea, agus is iad na spotaí geala ná Lyctos Facula agus Ida Facula. Facula an téarma a úsáidtear le tagairt do spotaí geala ar dhromchla Amailtia.[8]


  1. Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
  2. Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
  3. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/joviansatfact.html.
  4. URL tagartha: https://dx.doi.org/10.1016%2Fj.icarus.2005.11.007.
  5. NASA FACTS” (Béarla). NASA.
  6. 6.0 6.1 NASA FACTS” (Béarla). NASA.
  7. URL tagartha: https://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_phys_par. Dáta rochtana: 5 Meán Fómhair 2020.
  8. Hussey, Matt (2011). "Amailtia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 34.