An Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta
Is éard atá san Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta (AIF) (Béarla: International Phonetic Alphabet, nó IPA) ná córas scríofa atá coitianta sa teangeolaíocht. Cé go bhfuil ceangal soiléir leis an aibítir Rómhánach, is rud eile ar fad é. Chruthaigh an Cumann Idirnáisiúnta Foghraíochta an córas sa 19ú haois. Úsáideann teangeolaithe, múinteoirí teangacha, foclóirí, agus teiripeoirí urlabhra ar fud an domhain an córas seo.
Cineál | aibítir na foghraíochta |
---|---|
Cruthaitheoir | Alexander John Ellis, Henry Sweet agus Daniel Jones |
Cruthú | Lúnasa 1888 |
Bunaithe ar | an aibítir Róimheach, aibítir Laidineach agus an aibítir Ghréagach |
Aimsitheoir | Otto Jespersen () |
Stair | stair na hAibítre Idirnáisiúnta Foghraíochta |
Suíomh gréasáin | Suíomh gréasáin oifigiúil |
Taispeánann an aibítir an teanga labhartha agus conas a fhuaimníonn sé. Tá siombail amháin ag baint le gach fuaim. Is féidir é a úsáid do gach teanga ar domhan. Mar sin, má bhfuil an aibítir ar eolas agat, is féidir leat aon teanga a fhuaimniú.
Consain
cuir in eagarConsain Scamhógacha
cuir in eagarIs iad consain scamhógacha an saghas consain is coitianta. Is iad an saghas atá ag an nGaeilge agus ag an mBéarla. Déantar iad trí bhac a chur ar an nglotas nó ar an mbéalchuas agus aer a scaoileadh ó na scamhóga.
Seo tábla na gconsan. Taispeántar an modh ina dhéantar an fhuaim sna rónna. Tá an áit a dhéantar an fhuaim sna colúin.
Áit→
↓Modh |
Déliopach | Liopadhéadach | Déadach | Ailbheolach | Iar-ailbheolach | Aisfhillte | Carballach | Coguasach | Úbhalach | Faraingeach | Glotasach | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Srónach | m | ɱ | n̪ | n | ɳ | ɲ | ŋ | ɴ | ||||||||||||||
Pléascach | p | b | t̪ | d̪ | t | d | ʈ | ɖ | c | ɟ | k | ɡ | q | ɢ | ʔ | |||||||
Aifricéad | ts | dz | tʃ | dʒ | ʈʂ | ɖʐ | cç | ɟʝ | ||||||||||||||
Cuimilteach | ɸ | β | f | v | θ | ð | s | z | ʃ | ʒ | ʂ | ʐ | ç | ʝ | x | ɣ | χ | ʁ | ħ | ʕ | h | ɦ |
Neasach | ʋ | ɹ | ɻ | j | ɰ | |||||||||||||||||
Cnagchonsan | ⱱ | ɾ | ɽ | |||||||||||||||||||
Tronnchrith | ʙ | r | ʀ | |||||||||||||||||||
Cuimilteach taobhach | ɬ | ɮ | ||||||||||||||||||||
Neasach taobhach | l | ɭ | ʎ | ʟ |
Nóta: Nuair a bhíonn péire siombail ann, bíonn an ceann ar chlé neamhghlórach agus an ceann ar dheis glórach. Ní féidir linn fuaim a dhéanamh sna spásanna liath.
- Srónach: Tagann an t-aer amach trí chuas na sróine nuair a íslíonn muid an t-úbhal.
- Pléascach: Cruthaíonn muid bac iomlán ar an t-aer agus ansin scaoileann muid é.
- Aifricéad: Nuair a déanann muid dhá fhuaim ag an am céanna. De ghnáth, is consan pléascach ar dtús agus consan cuimilteach ina dhiaidh atá i gceist.
- Cuimilteach: Consan a dhéantar trí chúngú caol a chruthú leis an teanga nó na liopaí agus ina dhiaidh, aer bhogadh tríd. Tá frithchuimilt ag an aer ann.
- Neasach: Tagann na liopaí nó an teanga gar don áit a fhuaimnítear an fhuaim, ach gan frithchuimilt ag an aer.
- Cnagchonsan: Déanann muid matán a chrapadh agus caitheann muid an liopa nó an teanga in aghaidh páirt eile den bhéal.
- Tronnchrith: Cosúil leis an gcnagchonsan, ach déantar frithchuimilt aeir agus critheann an liopa nó an teanga.
- Consan taobhach: Déanann an teanga aer a bhlocáil i lár an bhéalchuais agus tagann an t-aer amach sna taobhanna.
Gutaí
cuir in eagarTosaigh | Leaththosaigh | Lárnach | Leathchúil | Cúil | |
---|---|---|---|---|---|
Dúnta | |||||
Gardhúnta | |||||
Laethdhúnta | |||||
Leathard | |||||
Leathoscailte | |||||
Garoscailte | |||||
Oscailte |
déantar an ceann ar chlé le liopaí rabhnáilte agus an ceann ar dheis neamhrabhnáilte.
Déantar guta leis an teanga a chur in áit sa bhéalchuas agus aer a scaoileadh amach go leanúnach. Féach ar tábla na ngutaí ar dheis:
Tá trí shaintréith ag baint le gach guta:
- Airde (an bhfuil sé oscailte nó dúnta)
- Cúile guta (an bhfuil sé chun tosaigh nó ar chúl an bhéil)
- Liopaí rabhnáilte nó neamhrabhnáilte
Défhoghair
cuir in eagarIs é défhogar an t-ainm atá ar dhá ghuta a deirtear le chéile. Tá ceithre dhéfhogar ag an nGaeilge /əu̯ uə̯ əi̯ iə̯/.
- /əu̯/: labhair [l̪ˠəu̯ɾʲ]
- /uə̯/: thuas [huə̯sˠ]
- /əi̯/: saghas [sˠəi̯sˠ]
- /iə̯/: ciall [ciə̯l̪ˠ]
Diaicriticí
cuir in eagarÚsáidtear na diaicriticí chun fuaim a athrú. Is féidir iad a chur os coinn, thíos, roimh, nó i ndiaidh litir, ag breathnú ar an gcineál. Seo roinnt diaicriticí le samplaí:
Diaicritic | Saghas | Sampla | |
---|---|---|---|
◌̩ | l̩ n̩ | Siollach | Béarla: bottle [bɔtl̩], film [fɪlm̩] |
◌̯ | ɪ̯ ʊ̯ | Neamhshiollach | Béarla: out [aʊ̯t]
Gaeilge: saghas [sˠəi̯sˠ] |
◌ʰ | tʰ | Análú | Béarla: time [tʰaɪ̯m]
Gaeilge: cainéal [ˈkʰa.nʲeːl̪ˠ] |
◌̚ | p̚ | Gan scaoileadh inchloiste | Béarla: doctor [dɒk̚təɹ] |
◌̥ | n̥ d̥ | Neamhghlórach | Breatnais: fy nhad [və n̥aːd] |
◌̪ | t̪ d̪ | Déadach | Gaeilge: déan [d̪ʲeːn̪ˠ]
Spáinnis: tiempo [ˈt̪jem.po] |
◌̺ | t̺ d̺ | Déanta le barr na teanga | Bascais: euskara [e̞u̯s̺ˈka.ɾa] |
◌̻ | t̻ d̻ | Déanta le bos na teanga | Bascais: zeru [s̻e̞.ɾu] |
◌̈ | ë | Láraithe | Catalóinis: sac [
Gearmáinis: Katze [ˈkʰät͡sə] |
◌̞ | e̞ β̞ | Íslithe | Catalóinis: abans
Spáinnis: cada [ˈkä.ð̞ä] |
◌̴ ◌ˠ |
ɫ
tˠ dˠ |
Úbhalacháilte | Béarla: full [fʊɫ]
Gaeilge: bó [bˠoː] |
◌ʲ | tʲ dʲ | Carballacháilte | Gaeilge: beo [bʲoː] |
◌ˤ | tˤ aˤ | Faraingáilte | Araibis: طَاء [tˤaːʔ] |
◌̃ | ẽ | Srónaíl | Fraincis: pain [pɛ̃]
Spáinnis: banco [ˈbã̈n.ko̞] |
◌˞ | ɚ a˞ | Rótacht | Béarla (Éire/SAM): nurse [nɝs] |
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |