An Cabhán–Muineachán (Dáilcheantar)

Is toghcheantar parlaiminte suite i bPoblacht na hÉireann é An Cabhán–Muineachán. Is Dáilcheantar 5 suíochán é seo (ó 2020 ar aghaidh).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Cabhán–Muineachán

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae an Chabháin Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1977

De bharr an briseadh síos atá sa daonra, is iondúil go mbíonn trí shuíochán ag iarrthóirí ón gCabhán agus péire ag iarrthóirí as Muineachán.

Heather Humphreys (FG) 2019
Pauline Tully, SF 2023

Toghcháin

cuir in eagar

Olltoghchán 2016 (4 suíochán)

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Heather Humphreys (Fine Gael), Caoimhghín Ó Caoláin (Sinn Féin), Brendan Smith (Fianna Fáil), agus Niamh Smyth (Fianna Fáil).

Olltoghchán 2020 (5 suíochán)

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Matt Carthy (Sinn Féin), Pauline Tully (Sinn Féin), Heather Humphreys (Fine Gael), Niamh Smyth (Fianna Fáil) agus Brendan Smith (Fianna Fáil). I Muineachán bhí Fine Gael sa dara háit ar 25%  sna toghcháin áitiúla agus Sinn Féin sa gcéad áit ar 35% den vóta agus Fianna Fáil ar 24%. Bhí dhá shuíochán ag Fianna Fáil sa Dáilcheantar, Brendan Smith (FF) agus Niamh Smyth (FF). As Cabhán don bheirt acu. Níor toghadh aon Teachta Dála ón gCabhán de chuid Fhine Gael in 2020.[1]

Olltoghchán 2024 (5 suíochán)

San Olltoghchán 2024, bhí cuid d’iarthuaisceart na Mí bainte as Cabhán–Muineachán in 2024. Cúig shuíochán a bhí le líonadh agus iarrthóir is fiche a bhí ar an bpáipéar ballóide, ina ceathrar den chúigear a toghadh in 2020: Matt Carty (SF) agus Pauline Tully (SF) ó Shinn Féin chomh maith le Brendan Smith (FF) agus Niamh Smyth (FF). D’fhág an tAire Humphreys a páirtí sa bhfaopach nuair a shocraigh sí, deireanach go maith sa lá, gan ligint dá hainm dul ar aghaidh in 2024. Cuireadh siar an coinbhinsiún FG agus roghnaíodh beirt chomhairleoirí contae le seasamh.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024  Matt Carthy (SF), Pauline Tully (SF), Heather Humphreys (Fine Gael), Brendan Smith (FF) agus Niamh Smyth (FF).

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (20 Samhain 2024). "VÓTA 24: Heather Humphreys éirithe as ach Fianna Fáil atá faoi bhrú i gCabhán-Muineachán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-23.